An Tumoideachas

Ceard is tumoideachas ann?

I scoil lán-Ghaeilge déantar gnó na scoile ar fad trí mheán na Gaeilge. Múintear na ranganna trí Ghaeilge, bíonn cumarsáid idir an fhoireann as Gaeilge, déantar gnó an Bhoird Bainistíochta trí Ghaeilge agus spreagtar na páistí chun Gaeilge a labhairt eatarthu féin. Neartaíonn an scoil an pobal labhartha Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh de gheataí na scoile. Tá na scoileanna lán-Ghaeilge oscailte, fáiltiúil agus chuige sin tacaíonn siad le tuismitheoirí páirt a ghlacadh i saol na scoile trí imeachtaí éagsúla, ó ranganna Gaeilge go Coiste na dTuismitheoirí agus a lán eile.

Tá taighde cuimsitheach déanta (MET, 1998) a chruthaíonn gurb é an modh is fearr teanga a shealbhú ná tríd an tumoideachas.

Ciallaíonn tumoideachas go ndéantar gach ábhar, gnó agus idirbheartaíocht sa scoil trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo súitear isteach gach gné den teanga, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar chumas an dalta í a thuiscint agus í a labhairt i bhfad níos tapúla. Ní mhúintear Béarla go dtí an dara téarma sna Naíonáin Shinsir i scoileanna an Fhorais. Cruthaíonn taighde go ndéanann daltaí sa chóras seo níos fearr i scríobh agus i léamh an Bhéarla agus i léamh na Gaeilge ná an meán náisiúnta (Ó hAiniféin, (2007), Cloud, Genesee & Hamayan (2000) ).

Cén fáth a roghnaítear oideachas lán-Ghaeilge?

Roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ar chúiseanna éagsúla, na cúiseanna seo san áireamh:

  • Tá sé fíor-thábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí.
  • Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile.
  • Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin.
  • Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a théann leis sin.
  • An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí.
  • Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.

Chomh maith leis na cúiseanna seo ar fad tá buntáistí breise ann do pháiste má fhreastalóinn sé/sí ar scoil lán-Ghaeilge. De réir taighde ar an oideachas dátheangach seo a leanas cuid de na torthaí do na daltaí a théann tríd an gcóras:

  • Déanann siad níos fearr go hacadúil (Gallagher & Hanna, 2002).
  • Éiríonn leo an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim níos éasca (Cenoz & Valencia 1994).
  • Tuiscint agus oscailteacht do chultúir eile (Gallagher & Hanna, 2002).
  • Feabhas ar fheidhmiú cognaíochta ó thaobh cruthaíochta agus ábaltacht cumarsáide de (Bialystok et al. 2005).
  • Torthaí níos airde sa Bhéarla agus sa mhatamaitic (Foras Taighde ar Oideachas, 2011)
  • Tuiscint níos fearr ar fhéiniúlacht, ar chultúr agus ar spiorad pobail (Baker, 2003)
  • Féinmheas níos airde (Baker, 2003)
  • Cuireann oideachas dátheangach le torthaí acadúla, scileanna cruthaitheacha agus féinmheas sna daltaí (NMABE, 2006; Cummins, 2000)
  • Scileanna cumarsáide agus sóisialta níos fearr (Cummins, 2000)

[Tógtha ó suíomh An Fhorais Patrúnachta]

What is immersion education?

In an all-Irish school, all of the school’s activity is carried out through Irish: lessons are taught through Irish, staff communicate through Irish, the Board of Management do their business through Irish and the children are encouraged to speak Irish amongst themselves. The school encourages the community to speak Irish, both within the school gates and outside of school. All-Irish schools are open and welcoming environments, and they support parents to play a part in school life through various activities, such as Irish classes, Coiste na dTuismitheoirí.

Research has shown that immersion education is the best way to teach a language (MET, 1998).

Immersion education means that all communication, including all lessons, in the school is through Irish. In this way, all aspects of the language are absorbed by learners, which allows them to speak and understand the language much more quickly.

English is not taught until the second term of Senior Infants in our school. However, research shows that children who have been taught in immersive Irish environments do better than the national average in reading and writing in English (Ó hAiniféin, (2007), Cloud, Genesee & Hamayan (2000) ).

Why chose an all-Irish school for your child?

Parents choose an all-Irish education for their children for various reasons, including the following:

  • It’s important to them that their child can speak Irish fluently.
  • They recognise that a gaelscoil can give their child a particular insight into their own culture and other cultures.
  • Their child will learn to take pride in their language and identity.
  • Their child will be able to read, write and speak in two languages, a skill which brings with it many other advantages.
  • All-Irish schools can provide a first-class education in all areas of the curriculum.
  • Their child’s self-image and self-esteem will be boosted.

As well as these reasons, there are additional advantages to children who attend all-Irish schools. Research has shown that children who receive a bilingual education:

  • do better academically (Gallagher & Hanna, 2002);
  • find it easier to learn a third or fourth language (Cenoz & Valencia 1994);
  • are more understanding and open to other cultures (Gallagher & Hanna, 2002);
  • have improved creative and communication skills (Bialystok et al. 2005);
  • achieve higher results in English and maths (Foras Taighde ar Oideachas, 2011);
  • have a better understanding of identiy and culture (Baker, 2003); and
  • have better self-esteem (Baker, 2003).