Polasaí Tacaíochta

Cuireadh an polasaí seo le chéile i rith na scoilbliana 2017.

Bhí polasaí tacaíocht foghlama againn ó 2007 agus tá an polasaí seo anois ina ionad siúd.

Chuir na múinteoiri tacaíochta an polasaí seo le chéile i gcomhairle leis an bPríomhoide agus le siceolaí NEPS na scoile.

Gaelscoil ilchreidmheach atá i nGaelscoil an Ghoirt Alainn. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1993.

Tá an polasaí seo bunaithe ar an Leanúntas Tacaíochta i 2017.

Aidhm an Pholasaí

Is iad seo a leanas na haidhmeanna atá ag polasaí tacaíochta Gaelscoil an Ghoirt Álainn:

  • an leas is fearr a bhaint as an bpróiseas múinteoireachta agus foghlama;
  • cabhrú le daltaí a bhfuil fadhbanna foghlama acu leibhéil sásúla inniúlachta sa litearthacht, san uimhearthacht agus sa Ghaeilge a bhaint amach sula bhfágann siad an scoil;
  • cabhrú le daltaí a bhfuil fadhbanna sóisialta nó iompar ar leith acu;
  • féin-mhuinín an pháiste a chothú agus a láidriú;
  • cinntiú go bhfuil comhoibriú ann idir múinteoirí ranga, múinteoirí tacaíochta agus tuismitheoirí le Plean Tacaíochta an pháiste a pheanáil agus a chur i bhfeidhm;
  • cabhrú le daltaí go bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu páirt gníomhach a ghlacadh laistigh den gnáth rang, ag leibhéal oiriúnach dóibh;
  • scileanna bunúsacha a mhúscailt iontu, ionas gur féidir leo páirt a ghlacadh sa churaclam iomlán;
  • meon dearfach a fhorbairt agus a chothú iontu, dearcadh deimhneach a spreagadh maidir le foghlaim agus scoil de;
  • scoláirí a fhorbairt maidir le foghlaim neamhspleách;
  • acmhainní breise a chur ar fáil sna hábhair go háirithe i mBéarla & i Mata;
  • comhoibriú agus tacaíocht na dtuismitheoirí / caomhnóirí a fháil trí chlár tacaíochta cuí a chur i bhfeidhm;
  • córas monatóireachta a bhunú, chun dul chun cinn na ndaltaí seo a mheas; agus
  • cabhair agus tacaíocht na múinteoirí a fháil chun an pholasaí Oideachas agus Riachtanais Speisialta a chur i bhfeidhm.

Ról agus Freagracht

Tá an Bord Bainistíochta freagrach as an bpolasaí a dhearbhú agus tá foireann uile na scoile freagrach as an bpolasaí a chur í ngníomh go laethúil.

An Príomhoide/Príomhoide Tánaisteach

‘Sé ról an phríomhoide/phríomhoide tánaisteach i leith feidhmiú an pholasaí ná:

  • dul i dteagmháil le gníomhaireacht seachtrach agus an síceolaí nuair is gá.
  • monatóireacht a dhéanamh ar an próiseas roghnaithe.
  • liosta do na daltaí go léir atá i dteideal tacaíochta a choimeád.
  • dul i gcomhairle leis an bhfoireann teagaisc ar bhonn leanúnach agus moltaí ós na tuairiscí eagsúla a phlé.
  • tuismitheoirí/ caomhnóirí a chur ar an eolas faoi theacht ar thacaíocht.

Múinteoirí

  • Aithníonn an scoil ról na múinteoirí i bhforbairt agus dul chun cinn gach dalta ina rang, iad siúd le riachtanais speisialta san áireamh.
  • ‘Sé ról an mhúinteora ná pleanáil a dhéanamh chun freastal ar riachtanaisí gach scoláire sa rang.
  • Déanfaidh an múinteoir na hathruithe cuí sna straitéisí múinteoireachta agus sna cuspóirí foghlamtha ionas go ndéanfaidh na scoláirí an dul chun cinn atá ar a gcumas. Is léibhéal a haon é seo ar an gcontanam tacaíochta. Nuair is gá cuirfear tuistí ar an eolas go bhfuil an cabhair breise seo á thabhairt ag an múinteoir ranga agus beidh taifead déanta de na spriocanna a bheidh le bhaint amach, conas a cabhróidh an múinteoir leis an bpáiste chun iad a bhaint amach agus cathain a bheidh siad ag siúl go mbainfar amach na spriocanna sin.
  • Cuirfear deacrachtaí foghlamtha san áireamh agus obair bhaile á leagadh amach. Beidh teagmháil idir an múinteoir ranga agus an múinteoir tacaíochta ar bhonn leanúnach.
  • Gníomhaíochtaí a chothóidh feabhsú san uimhearthacht.
  • Gníomhaíochtaí a chothóidh agus a mhéadóidh féin-mhuinín an dalta.

Múinteoir Tacaíochta

  • Aithníonn an scoil ról an múinteoir tacaíochta a chuireann an tacaíocht cuí ar fáil ar bhonn leanúnach de réir treoracha an mhúinteora agus moltaí ón measúnú i gcás riachtanais speisialta. Is léibhéal a dó den contanam tacaíochta an léibhéal seo agus cabhróidh an múinteoir / na múinteoirí tacaíochta leo sa seomra ranga (le linn
  • múinteoireacht foirne/staisiúin) nó lasmuigh den seomra mar chuid de ghrúpa beag nó go haonarach.
  • Plean tacaíochta a chur le chéile doibh siúd go bhfuil riachtanas faoi leith acu. Coimeadfar an plean seo i bhfilteán tacaíochta an pháiste (Student Support File).
  • Co-órdnú a dhéanamh ar an bplean agus ar an gclár ama don tacaíocht.
  • Dul i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí i dtaobh páistí a bhíonn ag freastal ar thacaíocht.

Tuismitheoirí / Caomhnóirí

  • Déantar comhoibriú na dtuismitheoirí a spreagadh agus a mhúscailt trí chumarsáid leis an bpríomhoide agus múinteoirí tacaíochta tríd na cruinnithe múinteoirí agus tri litreacha, tri dhialann na bpáistí agus tri theacsanna ar Aladdin más gá.
  • Bíonn cruinniú tuismitheoirí / múinteoirí uair sa bhliain ina ndéantar dul chun cinn an scoláire a phlé.
  • Eagraítear cruinnithe do na tuismitheoirí nuair is gá (nó comhrá fóin má oireann).
  • Bíonn fáilte roimh tuismitheoirí coinne a dhéanamh agus labhairt leis an múinteoir ranga agus leis an bpríomhoide má tá said buartha faoina bpáistí féin.

Bord Bainistíochta

  • Is é an Bord Bainistíochta a dheineann bainistiú thar ceann na scoile. Aithníonn an scoil ról an Bhoird i bhforbairt agus i bhfeidhmiú an pholasaí.
  • Déantar forbairt ar gach polasaí fé údarás an Bhoird agus is le húdarás an Bhoird a cuirtear i bhfeidhm gach polasaí.

Roghnú

Is é an Príomhoide, i gcomhairle leis an múinteoir ranga, na múinteoir tacaíochta foghlama agus na tuismitheoirí a chinnteoidh cé h-iad na daltaí a bheidh ag glacadh páirt sa chlár Tacaíochta.

Déanfar athbhreithniú ar liosta na bpáistí a bhíonn ag glacadh páirt sa chlár tacaíochta uair amháin sa téarma.

Conas a Chuirtear an Scéim i bhFeidhm

Bainfear úsáid as trí mhodh chun an scéim a chur i bhfeidhm:

Léibhéal 1 – Plean Tacaíochta Ranga

  • Nuair atá múinteoir ranga buartha faoi pháiste ó thaobh obair, iompar nó scileanna sóisialta an pháiste, cuirtear an Príomhoide, an múinteoir tacaíochta agus tuismitheoirí an pháiste ar an eolas faoi.
  • Bailítear eolas i dtaobh an deacracht ó thuismitheoirí/chaomhnóirí, ón dalta féin agus ó bhreathnadóireacht agus seicliostaí an mhúinteora. Tá na seicliostaí iniata leis an bpolasaí seo:
  • Seicliosta: Riachtanis Bhunúsacha/ Basic Needs Checklist (Aguisín 1)
  • Seicliosta: Timpeallachta Foghlama/Learning Environment Checklist (Aguisín 2)
  • Seicliosta : Mo Smaointí Faoin Scoil/My Thoughts About School Checklist (Aguisín 3)
  • Seicliosta Tacaíochta Ranga /Classroom Support Checklist (Aguisín 4)
  • Líonann an múinteoir ranga na seicliostaí go léir leis an múinteoir tacaíochta.
  • Déanfar scrudaithe sa litearacht/uimhearthacht.
  • ÚsaidfearTriail Scagaidh do scileanna teangan.
  • Cuireann an múinteoir ranga Plean Tacaíochta Ranga (Aguisín 5) i bhfeidhm don pháiste sin agus plean oibre ranga atá i gceist leis an léibhéal seo.
  • Cuirfear gach seicliosta agus plean oibre i bhfilteán tacaíochta an pháiste (Student Support File).
  • Déanfar athbhreithniú ar an bplean seo tar éis téarma amháin.

Léibhéal 2 – Plean Tacaíochta Scoile

  • Cuirtear an léibhéal seo i bhfeidhm nuair a fheictear go bhfuil cabhair breise fós ag teastáil ón bpáiste tar éis an plean tacaíochta ranga a chur i bhfeidhm ar feadh téarma amháin.
  • Déanfar Plean Tacaíochta Scoile (School Support Plan, aguisín 6) do gach páiste ag léibhéal 2 ar feadh téarma amháin fiú más chuid do ghrúpa é/í. Tógfar amach ón seomra ranga iad le múineadh breise a fháil nó gheobhaidh siad cabhair breise sa seomra le linn múinteoireacht foirne.
  • Nuair is gá cuirfear agallamh ar pháiste chun plean a chur le chéile maidir lena c(h)uid tuairimí ó thaobh na scoile de /ó thaobh iompar de/ó thaobh mothúcháin de agus srl. Bainfear úsáid as an Taifead Iompair ABC (ABC Behaviour Record, aguisín 7) nuair is gá.
  • Déanfar measúnaithe diagnóisice sa litearacht/uimhearthacht.
  • Measunú feidhmiúil a chur i gcrích (nuair is gá); deacrachtaí le scileanna soisialta mothálacha is iompar (SEBD) a iniúchadh tré seicliosta a líonadh. (Seicliosta iompar iniata leis an bpolasaí seo) (Behaviour checklist, aguisín 8).
  • Tar éis téarma amháin líonann an múinteoir tacaíochta an Taifead Athbhreithniú don pháiste (School Support Review Record, aguisín 9)
  • Déanann an múinteoir tacaíochta cinneadh i dteannta leis an bPríomhoide, an múinteoir ranga agus le tuismitheoirí an pháiste tar éis téarma, an leanfar ar aghaidh nó an gcuirfear deireadh leis an bplean tacaíochta scoile.

Léibhéal 3 – Tacaíocht Scoile Móide

  • Cuirfear léibhéal a trí i bhfeidhm do pháistí tar éis dóibh léibhéal 1 agus 2 a leanúint gan dóthain feabhas teacht ar an deacracht.
  • Cuirfear an leibhéal seo i bhfeidhm nuair a mheastar go bhfuil cabhair sheachtarach ag teastáil ó pháiste.
  • Eagrófar cruinniú leis an bPríomhoide, an múinteoir tacaíochta, an múinteoir ranga agus tuistí an pháiste agus moltar comhairle nó measúnú a fháil ó dhochtúir, nó siceolaí nó pé séirbhís a oireann don chás.
  • Ní bheidh gá dul tríd léibhéal 1 agus 2 chun léibhéal a trí a chur i bhfeidhm má tá géar riachtanas ag an bpáiste ach déanfar iad chomh maith le léibhéal a 3.
  • Cruthóidh an múinteoir tacaíochta Plean Oideachais ar Bhonn Dalta Aonair don pháiste (School Support Plus Plan, aguisín 10) ag léibhéal a 3.
  • Tar éis téarma amháin líonfaidh an múinteoir tacaíochta an Bhileog Athbhreithnithe ar Phlean Oideachais ar Bhonn Dalta Aonair. (School Support Plus Review Record, aguisín 11).

Córas Roghnaithe

Comhlíonann an crítéir roghnaithe seo a leanas na ciorcláin DES, treoirlinte agus dea-chleachtas is déanaí. Roghnóidh an scoil na páistí de réir na critéir seo, ag tosnú le pointe 1 agus ag leanúint ar aghaidh tríd an crítéir roghnaithe go dtí go mbeidh na cláracha ama lán.

  1. Daltaí a bhí i dteideal uaireanta achmhainne go dtí seo go bhfuil deacrachtaí súntusacha foghlama acu fós.
  2. Daltaí a bhí i dteideal tacaíocht foghlama go dtí seo go bhfuil deacrachtaí súntusacha fós acu (scór an 12ú peircintíl)
  3. Daltaí le diagnóis riachtanais speisialta íosmhinicíochta
  4. Daltaí le diagnóis riachtanais speisalta ardmhinicíochta
  5. Daltaí go bhfuil Béarla acu mar theanga breise – (a) páistí a thagann chuig ár scoil gan aon Bhéarla agus (b) páistí go bhfuil cónaí orthu in Éirinn níos lú na 2 bhlian agus go bhfuil tacaíocht breise uathu ó thaobh Béarla de.
  6. Páistí le scór ag nó faoi an 10ú peircintíl sna trialacha caighdeánacha sa litearthacht Béarla agus Gaeilge.
  7. Páistí le scór ag nó faoin 12ú peircintíl sna trialacha caighdeánacha sa litearthacht Béarla agus Gaeilge (teorainn earráide san áireamh)
  8. Páistí le scór ag nó faoi an 10ú peircintíl sna trialacha caighdeánacha sa Mhatamaitic.
  9. Páistí le scór ag nó faoin 12ú peircintíl sna trialacha caighdeánacha sa Mhatamaitic (teorainn earráide san áireamh)
  10. Luath-idirghabháil sa litearthacht – páistí sna naíonáin go bhfuil fadhbanna acu fós le scileanna luath litearthachta in ainneoin na h-idirghabháil déanta ag an múinteoir ranga ag Leibhéal a 1 (An Contanam Tacaíochta NEPS). Beidh an plean tacaíochta oscailte ag an múinteoir ranga agus beidh na luath idirghabháil cláraithe ann.
  11. Luath-idirghabháil sa luath-uimhearthacht – páistí sna naíonáin go bhfuil fadhbanna acu fós le scileanna luath uimhearthacht in ainneoin na hidirghabháil déanta ag an múinteoir ranga ag Leibhéal a 1 (An Contanam Tacaíochta NEPS). Beidh an plean tacaíochta oscailte ag an múinteoir ranga agus beidh na luath idirghabháil cláraithe ann.
  12. Páistí le scór ag nó faoi bhun STEN 4 (30ú peircintíl) ar thrialacha caighdeánacha sa litearthacht go bhfuil deacrachtaí fós acu in ainneoin idirghabháil déanta ag an múinteoir ranga ag Leibhéal a 1 (An Contanam Tacaíochta NEPS). Beidh an plean tacaíochta oscailte ag an múinteoir ranga agus beidh na luath idirghabháil cláraithe ann.
  13. Páistí le scór ag nó faoi bhun STEN 4 (30ú peircintíl) ar thrialacha caighdeánacha sa mhatamaitic go bhfuil deacrachtaí fós acu in ainneoin idirghabháil déanta ag an múinteoir ranga ag Leibhéal a 1 (An Contanam Tacaíochta NEPS). Beidh an plean tacaíochta oscailte ag an múinteoir ranga agus beidh na luath idirghabháil cláraithe ann.
  14. Daltái le fadhbanna súntusacha acu ó thaobh teanga labhartha/cairdreamh soisialta/iompar/forbairt mothálach/cur chuige foghlama in ainneoin idirghabháil déanta ag an múinteoir ranga ag Leibhéal a 1 (An Contanam Tacaíochta NEPS). Beidh an plean tacaíochta oscailte ag an múinteoir ranga agus beidh na luath idirghabháil cláraithe ann.
  15. Trasdul chuig an mheánscoil.
  16. Páistí sárbhuacha (le scór níos mó ná 95ú peircintíl sna measúnaithe caighdeánacha sa Bhéarla AGUS sa Mhatamaitic araon agus/nó go bhfuil diagnóis acu ó siceolaí oideachasúil NEPS a dheimhníonn go bhfuil IQ uachtarach acu. Beidh idirghabháil déanta ag an múinteoir ranga i dtús báire ag Leibhéal 1 (An Contanam Tacaíochta NEPS). Beidh an plean tacaíochta oscailte ag an múinteoir ranga agus beidh na luath idirghabháil cláraithe ann.

Riachtanaisí na bpáistí a aithint – CÉIM 1

  • Tosnaíonn an múinteoir ranga ar phlean tacaíochta ranga a chur le chéile nuair atá deacrachtaí an pháiste ag chur bac ar a chuid foghlama/foghlaim na bpáistí eile sa rang. Deacrachtaí acadúla, soisialta, cumarsáide, mothálacha, céadfacha agus iompar atá san áireamh anseo.
  • Tógfar san áireamh torthaí an seicliosta timpeallachta & seicliosta de riachtanaisí bhunúsacha anseo.
  • Ag éirí as torthaí na seicliostaí (Léibhéal 1) forbrófar pleananna tacaíochta & déanfar athbhreithniú ar na pleananna seo i ndiaidh téarma (13-20 seachtain).
  • Beidh baint ag an múinteoir ranga & an múinteoir tacaíochta leis an bpróiséas seo.
  • Bailítear na sonraí atá uainn ó na seicliostaí, tré breathnú & taifead an mhúinteora, tré trialacha deartha ag an múinteoir, tré dul i gcomhairle leis na tuismitheoirí, tré scrúdaithe sa litearthacht agus san uimhearthacht & tré scrúdaithe scagaidh do scileanna teanga a dhéanamh.
  • Úsaidfear na measúnaithe & na scrúdaithe seo a leanas
    • BIAP sna Naíonáin Bheaga & Mhóra
    • MIST
    • Test 2R
    • NNRIT
    • P.V.S
    • Neale Analysis
    • NEPS First 100 Words Checklist
    • NEPS Phonics Skills Checklist
    • NEPS Second 100 Words Checklist
    • Dolch – Frys List
    • Drumcondra Tests (Mata, Béarla, Gaeilge & litriú)
    • D-S-T
    • YARC Comprehension Test
  • Clárófar an t-eolas a bhaileófar ó thuismitheoirí, ó na páistí, ó shaineolaí sheachtarach agus/nó ó naíonraí ar Aladdin ó mhí Meán Fomhair 2017 (dualgas ar mhúinteoir ranga/mhúinteoir tacaíochta).
  • Coimeádfar cóip crua den eolas seo i gcomhad an pháiste.

Freastal ar riachtanaisí na bpáistí – CÉIM 2

“Having identified a pupil’s needs and the educational planning required to meet those needs, this second step emphasises the importance of effective teaching and learning strategies. The benefits of early-intervention and prevention programmes are highlighted. Guidance is also provided on target-setting” (2017 Guidelines: p.10)

Cinnteoidh múinteoirí na scoile go bhfuil siad ag úsaid réimse modhanna múinte (ilchéadfach san áireamh) éagsúla chun freastal ar éagsúlacht riachtanaisí, m.sh:

  • an modh díreach
  • modh na sraithe
  • modh na lánfhreagartha gníomhaí
  • an modh closlabhartha
  • an modh closamhairc
  • modh na ráite

Úsáidfear na straitéisí seo sa rang chun na deacrachtaí foglama & gníomhaíochta a shárú:

  • caint & plé
  • foghlaim ghníomhach
  • foghlaim comhoibríoch
  • réiteach fadhbanna
  • scileanna trí nithe an ábhair
  • úsaid na timpeallachta
  • stráitéisí meastacháin
  • stráitéisí de réiteach fhadhbanna uimhreacha
  • úsaid TFC
  • idirdhealú
  • éispearas ilchéadfach

Cinntofar go bhfuil na straitéisí seo a leanas á úsáid chomh maith:

  • luath-idirghabháil & cosc
  • na cláir & achmhainní luaite sna treoirlínte 2017
  • na pleananna tacaíochta a choimeád suas chun dáta ag gach léibhéal tacaíochta
  • beartú spriocanna – tá 4 rud faoi leith ag baint le spriocanna a bheartú. Caithfear cinnitiú go bhfuil na spriocanna:
  • nasctha le measúnú;
  • bunaithe ar laidreachtaí an pháiste;
  • nasctha le idirghabháil;
  • á fhorbairt trí comhoibriú.

Bunófar na spriocanna ar an bhfianaise a bhaileófar tríd measúnaithe foirmiúil & neamhfhoirmiúil. Moltar dul i gcomhairle le tuismitheoirí agus spriocanna á roghnú. Déanfar athbhreithniú ar dhul chun cinn an pháiste leis an tuismitheoir freisin, nuair is gá. Tógfar dearcadh na bpáistí san áireamh. Déanfar é seo roimh ré leis an bpáiste nó beidh sé/sí i láthair don chruinniú tuismitheora/múinteora. Sa tslí seo, beidh na spriocanna realaíoch, so-sroichte & beidh nasc ann idir laidreachtaí & suim an pháiste féin.

Monatóireacht & tuairisciú ar dul chun cinn an pháiste (Céim 3)

Deanfar monatóireacht ar dul chun cinn acadúil na bpáistí sa scoil seo tré:

  • céim 3 de Treoirlínte 2017 a chur i gcrích;
  • breathnú agus measúnú leanúnach structúrtha (déanta ag an múinteoir ranga) de scileanna teangeolaíochta, litearthachta agus uimhearthachta na bpáistí sna ranganna naíonáin chun tacú leo deacrachtaí foglama a aithint go luath sa rang;
  • measúnú & breathnóireacht foirmiúil & neamh fhoirmiúl ar obair na bpáistí déanta ag an múinteoir ranga;
  • an polasaí scoile maidir le scagadh & roghnú páistí do mhúineadh breise sa Bhéarla agus/nó Gaeilge agus/nó Matamaitic a chur i gcrích tré riaradh & scóráil;
  • trialacha caighdeánacha riartha ag an múinteoir ranga;
  • trialacha diagnóiseacha riartha ag an múinteoir tacaíochta;
  • tuairisc a choimeád sna comhaid pearsanta & ar Aladdin;
  • pleananna tacaíochta – oscailte & coimeádta suas chun dáta ag an múinteoir ranga ag Léibhéal 1 (tacaíocht ranga);
  • pleananna tacaíochta – oscailte & coimeádta suas chun dáta ag an múinteoir ranga & an múinteoir tacaíochta ag Léibhéal 2 & 3 (tacaíocht scoile & tacaíocht scoile breise);
  • athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí, ar leibhéal indibhidiúil, grúpa, ranga & scoile iomlán. Is féidir athnhreithniú neamhfhoirmiúil a dhéanamh ar dul chun cinn neamh-acadúil na bpáistí (mar shampla, faoin dteideal iompar ginireálta/féin-mhúinín/meon foghlama, srl).

Tús & deireadh a chur leis an múineadh breise

Is ionainn téarma amháin agus 13-20 seachtain teagaisc. Sa chás go bhfuil an múinteoir tacaíochta roinnte idir scoileanna, agus nach bhfuil in ann bualadh leis na páistí níos mó ná 2-3 uair in aghaidh na seachtaine, d’fhéadfadh téarma teagaisc a bheith níos faide ná 13-20 seachtain.

Más féidir, eagrófar cruinniú ag deireadh gach téarma teagaisc le tuismitheoirí má tá an teagaisc breise chun leanúint ar aghaidh chun na cúspóirí foghlama athbhreithnithe agus na gníomhaíochtaí in san plean tacaíochta le plé.

Cuirfear deireadh leis an teagaisc breise nuair atá na cuspóirí comhlíonta & tar eis measúnú nua a dhéanamh ar an bpáiste agus feictear go bhfuil an sprioc-peircintíl sroichte acu.

Teagmháil

Córas teagmhála idir tuismitheoirí & múinteoirí ranga/tacaíochta

Is dea-chleachtas é go mbeidh teagmháil rialta idir múinteoirí ranga/tacaíochta & na tuismitheoirí.

Tógfar gach deis chun tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi chúis & chur chuige an fhoireann tacaíochta sa scoil.

Mealltar na tuismitheoirí chun tacaíocht a thabhairt dá bpáistí trí na slite seo a leanas:

  • teanga labhartha an pháiste a fhorbairt trí comhrá & plé;
  • páistí a spreagadh chun léamh;
  • timpeallacht litearthachta a chruthú sa bhaile;
  • leabhair a roghnú a léiríonn suim na bpáistí;
  • gníomhaíochtaí ar nós comhaireamh, meá nó tomhas a dhéanamh chun suim san uimhearthacht a spreagadh agus a chothú.

Córas teagmhála idir tuismitheoirí & an príomhoide

Cé go mbeidh an múinteoir tacaíochta i dteagmháil rialta le tuismitheoirí agus le seirbhísí sheachtrachta, is féidir leis an bpríomhoide rannpháirtíocht na tuimitheoirí a éascú trí:

  • polasaithe & modhanna oibre scoile a bhunú a chabhróidh le rannphairtíocht na tuismitheoirí i soláthar tacaíochta;
  • gach iarracht a dhéanamh seisiúin eolais a eagrú do na tuismitheoirí bunaithe ar na modhanna oibre tacaíochta scoile;
  • monatóireacht a dhéanamh ar an teagmháil idir múinteoirí & na seirbhisí sheachtrachta (mar shampla siceolaithe & teiripeoirí cainte).

Córas teagmhála idir an múinteoir ranga & na tuismitheoirí

Nuair a thagann páiste faoin ár mbráid ó thaobh tearcghnóthachtáil de, is féidir leis an múinteoir ranga dul i dteagmháil leis na tuismitheoirí chun iad a chur ar an eolas faoin gcás & chun eolas a fháil uathu faoi conas mar a bhraitheann siad faoi dul chun cinn a bpáiste ar scoil. Lorgaítear cead scríofa/labhartha ó na tuismitheoirí chun scrúdaithe/measúnaithe diagnóise a chur ar pháiste.

Buailfear le gach tuismitheoir le páiste a roghnaíodh d’aon mheasúnú diagnóise (má tá cruinniú á lorg ag na tuismitheoirí ag an bpointe seo). Cuirfear in iúl do na tuismitheoirí go mbeidh cruinniú ar fail dóibh le múinteoirí ranga/tacaíochta tar éis an measúnú diagnóise a dhéanamh ar an bpáiste

Dá roghnófaí an pháiste do thacaíocht ranga, beidh sé mar dhualgas ar an múinteoir ranga:

  • riachtanaisí & spriocanna foghlama is tabhachtaí don pháiste don phlean tacaíochta ranga a phlé le tuismitheoirí;
  • modhanna gur féidir cabhrú leis an bpáiste chun na spriocanna a bhaint amach sa bhaile a phlé;
  • teagmháil rialta le tuismitheoirí d’aon pháiste atá ag fail múineadh breise ag léibheal tacaíocht ranga;
  • a chur in iúl do thuismitheoirí dá gcuirtí deireadh leis an tacaíocht ranga nó dá mbeadh fhórmhéadú á dhéanamh ar an tacaíocht;
  • modhanna eagsúla a phlé le tuismitheoirí faoi conas gur féidir tacaíocht a thabhairt do dul chun cinn an pháiste sa bhaile & ar scoil.

Teagmhail idir an múinteoir tacaíochta & na tuismitheoirí

Chomh maith le eolas ginireálta a thabhairt do na thuismitheoirí faoin soláthar tacaíochta atá ar fáil sa scoil, beidh sé mar dhualgas ag an múinteoir tacaíochta bualadh le na tuismitheoirí tar éis measúnaithe diagnóise a dhéanamh chun na torthaí a phlé leo, más féidir.

Dá roghnófaí an pháiste do tacaíocht scoile/tacaíocht scoile breise, beidh sé mar dhualgas ag an múinteoir tacaíochta:

  • cead scríofa a lorg ón tuismitheoir an múineadh breise a chur ar fáil don pháiste ag Léibheal 2 nó 3;
  • riachtanaisí foghlama & spriocanna foghlama is tabhachtaí don pháiste a phlé leis na tuismitheoirí;
  • modhanna gur féidir cabhrú leis an bpáiste na spriocanna a bhaint amach sa bhaile a phlé;
  • teagmháil rialta a fhorbairt, ionas gur féidir l’aon dul chun cinn a aithint & a dhaingniú. Teagmháil rialta a fhorbairt ionas gur féidir le haon deacrachtaí/fadhbanna chun an plean a chur i bhfeidhm sa bhaile nó ar scoil a aithint go luath. Sa chaoi sin, is féidir fadhbanna a sheachaint, a ionchasú nó iad a réiteach gan mhoill;
  • teagmháil le tuismitheoirí na bpáistí atá ag glacadh le múineadh breise ag léibhéal 2 nó 3 ag deireadh gach téarma teagaisc chun athbhreithniú a dhéanamh ar gnótháchtáil na spriocanna & chun léibhéal an múineadh breise a bheidh ar fáil sa chéad téarma teagaisc eile (más é sin an chás) a phlé. Déanfar athbhreithniú ar an bplean tacaíochta, más gá;
  • teagmháil a bheith idir múinteoir tacaíochta agus tuismitheoirí da gcuirfí deireadh leis an múineadh breise & modhanna a phlé conas gur féidir tacaíocht a thabhairt do dhul chun cinn an pháiste sa bhaile & ar scoil;
  • slite & modhanna a mholadh do thuismitheoirí a chuireadh ar a gcumas cabhrú le forbairt a bpáistí ó thaobh teanga labhartha, léitheoireacht, scríbhnóireacht, litriú nó/agus matamaitic.

Acmhainní

  • Cuirfear oiread acmhainní agus is féidir ar fáil don chlár tacaíochta.
  • Íocann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta deontas bliantúil don scoil ach cuirfidh an Bord Bainistíochta leis an méid sin chun na háiseanna is nua-aimsirí agus is fearr a chur ar fáil.
  • Tá neart acmhainní ar fáil sa scoil (idir cluichí, leabhair sceimeanna tacaíochta, ipadanna do pháistí Tacaíochta srl).
  • Tá an príomhoide, múinteoirí ranga agus múinteoirí tacaíochta freagrach as aimsiú agus ceannach acmhainní breise.
  • Coiméadtar na hacmhainní seo sna seomraí tacaíochta.
  • Tá rochtain ag gach múinteoir ar na h-acmhainní seo.

Coimeád Cúntas

  • Coimeádtar tuairiscí scríofa faoi pháistí tacaíochta ina gcómhaid pearsanta.
  • Coimeádtar tuairisc freisin ar an suíomh Aladdin i gcúntas faoina ainm féin.
  • Tá teacht ag múinteoir ranga, múinteoir tacaíochta, SENO, siceolaí, cigire, tuismitheoirí, cúntóir riachtanais speisialta, oibrithe sláinte ar na tuairiscí sin.
  • Sa chás go bhfuil baill foirne roinnte idir grúpa scoileanna coimeádtar na tuairiscí a bhaineann le páistí sa scoil ina bhfuil siad cláraithe.
  • Tá an múinteoir ranga, an múinteoir tacaíochta agus an príomhoide freagrach as ábhar a chur i bhfillteán an pháiste.

Cruinnithe foirne

Cuirfear soláthar oideachas do pháistí le riachtanais speisialta ar an gclár don chruinniú foirne uair sa téarma teagaisc ar a laghad. Freastalóidh aon mhúinteoir roinnte ar na cruinnithe fóirne ina scoil bhunáite.

Cruinnithe tuismitheoirí & múinteoirí

Bíonn cruinniú ag an múinteoir tacaíochta agus na tuistí go rialta tríd na bliana (chun spriocanna a bheartú, athhbhreithniú a dhénamh ar dhul chun cinn an pháiste & agallaimh a chur orthu, mar shampla). Comhlíonfaidh an múinteoir tacaíochta an coinníol faoi chruinnithe a bheith aige/aici lasmuigh d’am scoile.

Féitheoireacht i rith am lóin

Comhlíonfaidh aon mhúinteoir roinnte tacaíochta an féitheoireacht i rith am lóin sa scoil bhúnaite amháin.

Am taistil

Déanfar gach iarracht an t-am a chaithfear ag taisteal a laghdú an méid agus is féidir, fad is atá tacaíocht rialta á n-ofráil dos na páistí le riachtanais speisialta.

 

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú ar an bpolasaí seo de réir sceideal athbhreithnithe an Bhord Bainistíochta.

 

Cliceáil anseo chun an polasaí seo a íoslódáil mar PDF, leis na haguisíní go léir.