Prionsabail / Principles

 

PRIONSABAIL NA GAELSCOILE

Gaelscoil ilchreidmheach í Gaelscoil an Ghoirt Álainn. Is cuid de chóras Scoileanna Náisiúnta na Roinne Oideachais í an scoil agus feidhmíonn sé de réir rialacha agus rialacháin uile na Roinne Oideachais. Tá sí cleamhnaithe le hEducate Together agus le Gaelscoileanna agus í suite ar Aibhinne Murmont,Gort Álainn Corcaigh.

Grúpa tuismitheoirí a bhunaigh Gaelscoil an Ghoirt Álainn í 1993 agus is é a bhí uathu na oideachas a lorg dá bpáistí a chothódh a bhféiniúlacht chultúrtha agus a bhféiniúlacht mhorálta araon.

Bunaíodh Gaelscoil an Ghoirt Álainn ar na prionsabail a leanas :

* Gaelscoil

An bhunaidhm atá ag Gaelscoil an Ghoirt Álainn ná oideachas a chur ar fail do na páistí atá faoina cúram. Léiriú ar an tábhacht a bhaineann lenár bhféiniúlacht chultúrtha uathúil laistigh de chomhthéacs leathan na hEorpa is ea an Ghaeilge a bheith mar phriomh-mheán cumarsáide.

* Ilchreidmheach

Tá an scoil oscailte do dhaltaí is cuma cén creideamh a mbaineann siad leis nó mura mbaineann siad le creideamh ar bith agus beidh an meas céanna ar chúlra sóisialta, cultúrtha agus creidmheach an uile dhalta. Déanann ar scoil idirdhealú idir oideachas morálta/creidimh agus oideachas sainchreidheach. Déantar an chéad cheann díobh sin a shóláthar tríd an gcroí-churaclam de theasc creidimh a mhúintear in aghaidh an lae sa seomra ranga. Déanann an scoil éascaíocht don dara ceann ach is iad na tuismitheoirí a eagraíonn é.

* Comhoideachas

Tá an scoil oscailte do chailíní agus do bhuachaillí ar bhonn cothrom. Déantar gach iarracht ar bhuachaillí agus chailínú a meascadh go gníomhach agus seachnaítear gnéas-steiréitíopacht.

* Leanbhlárnach

Is é an cur chuige leanbhlárnach an modh oideachias a chleachtann an scoil.

* Reáchtáil ar Bhonn Daonlathach

Tá an scoil á reáchtail ar bhonn daonlathach agus tuismitheoirí rannpháirteach go gníomhach i saol na scoil ó lá go la, ag cur proidisiúnta na múinteoirí san áireamh, ar ndóigh.

 

EAGRÚ AGUS REACHTÁIL NA SCOILE

An Pátrún.
Is é Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lánghaeilge pátrún na scoile.
An Bord Bainistíochta

Dála na scoileanna Náisiúnta go léir, tá Bord Bainistíochta ag an scoil atá freagrach as reáchtáil na scoile ó lá go lá agus cúrsaí airgeadais na scoile. Ta baill ar an mBord thar ceann an Phátrúin, na múinteoirí na tuismitheoirí agus an phobal.

Cumann na dTuismitheoirí

Comhlacht comhairleach don Bhord Bainistíochta is ea Cumann na dTuismitheoirí. Fóram is ea é chun nithe a bhaineann le hoideachas na bpáistí a phlé. Chomh maith leis sin, eagraíonn sé imeachtai a mbainfeadh páistí na scoile agus nó a dtuismitheoirí tairbhe astu.

Maoiniú

An Roinn Oideachais a íocann na múinteoirí agus an deontas caipitíochta do gach dalta, a chaitear ar theas, ar shoilse etc. Bord Bainistíochta Gaelscoil an Ghoirt Álainn a íocann an cíos agus atá freagrach as caiteachas caipitiúil agus na costas reatha go léir a bhaineann leis an scoil. Bíonn gá dá réir sin le gníomhaiochtaí tiomsaithe airgid nach beag agus cead ag gach tuismitheoir páirt a ghlacadh iontu. Faoi mar is nós leis an mBord Bainistíochta ar fhormhór na Scoileanna Náisiúnta, iarrtar ranníocaíocht dheonach ar thuismitheoirí chun cur leis an gciste.

 

 

 

PRINCIPLES OF THE GAELSCOIL

Gaelscoil an Ghoirt Álainn is a multi-denominational Gaelscoil. The school is part of the Department of Education National School system and runs in accordance with all Department of Education rules and regulations. It is affiliated to Educate Together and Gaelscoileanna. It is located on Murmont Avenue, Mayfield, Cork.

Gaelscoil An Ghoirt Álainn was founded in 1993 by a group of parents seeking an education for their children which fostered both their cultural and moral identity.

Gaelscoil An Ghoirt Álainn is founded on the following principles :

* Gaelscoil

The fundamental aim of Gaelscoil An Ghoirt Álainn is the education of the children in its care. The fact that the Irish language is the primary means of communication reflects the importance placed on our unique cultural identity within the broader European context.

* Multi-denominational

The school is open to children of all religions and none and the social, cultural and religious background of each child is equally respected. The school draws a distinction between moral/religious education and denominational instruction. The former is provided through a religious education core curriculum taught daily in the classroom. The latter is facilitated by the school but organised and paid for by parents.

* Co – educational

The school is open to girls and boys on an equal basis. Every effort is made to ensure that boys and girls are actively integrated and sexual stereotyping is avoided.

* Child Centred

The school is child centred in its approach to education.

* Democratically Run

The school is democratically run with active participation by parents in the daily life of the school, with due regard however, for the professional role of the teachers.

THE ORGANISATION AND RUNNING OF THE SCHOOL

The Patron

The patron of the Gaelscoil is Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lánghaeilge.

The Board of Management

Like all National Schools, the school has a Board of Management which is responsible for the day to day running of the school and its finances. The Board has members representing the Patron, the teachers , the parents and the wider community.

The Parents Association

The Parents Association is a consultative body to the Board of Management. It is a forum for discussion on matters that affect the education of the children. It also organises activities of benefit to the children and /or parents of the school.

Funding

The Department of Education pays the teachers and pays a capitation for each pupil, which goes towards heat light etc. The Gaelscoil an Ghoirt Álainn Board of Management pays the rent and is responsible for capital expenditure and all other running expenses of the school. This necessitates a considerable amount of fund-raising, in which all parents may participate. In common with Boards of Management of most national Schools it requests a voluntary contribution from parents towards its funds.