Ráiteas Sábháilteachta / Health and Safety Statement

Ba mhian leis an mBord Bainistíochta aird na foirne a dhiriú ar na socruithe seo a leanas, atá ann chun sábháilteacht, sláinte agus leas na ndaoine atá fostaithe agus ag obair sa scoil a chosaint.

Éilíonn an polasaí comhoibriú gach ball foirne. Déanfar athbhreithniú air gach bliain, nó níos minicí más gá, ag brath ar thaithí, athraithe i riachtanais dhlithiúla agus athraithe feidhmiúcháin. Déanfaidh Oifigigh Sábháilteachta an Bhoird Bainistíochta iniúchadh sábháilteachta gach bliain agus cuirfear tuairisc ar fáil don fhoireann. Coimeádfar súil ar gach taifead ar thionóisc nó ar dhroch-shláinte chun a chinntiú go gcuirtear aon chéim sábháilteachta i bhfeidhm chun atarlú tionóisc nó droch-shláinte dá leithéid a sheachaint.

Ba mhaith le Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn a chinntiú, chomh fada agus is indéanta é go réasúnta:

  • go mbeidh leagan amach, soláthar agus cúram gach cuid den scoil sábháilte agus saor ó bhaol don tsláinte;
  • go mbeidh an tslí isteach agus amach ó áiteanna oibre sábháilte;
  • gur féidir innealra a oscailt go sábháilte chomh fada agus is indéanta;
  • go ndéanfar pleanáil, eagrú, úsáid agus cúram de chórais oibre i slí is go mbeidh siad sábháilte agus nach mbeidh aon bhaol ann don tsláinte;
  • go gcuirfear oiliúint ar an bhfoireann agus déanfar feitheoireacht orthu chomh fada agus is indéanta go réasúnta, chun sláinte agus sábháilteacht na foirne ag obair a chinntiú;
  • go gcuirfear éadaí cosanta ar fáil mar is gá, chun sláinte agus sábháilteacht na foirne ag obair a chinntiú;
  • go gcomhlíonfar pleananna éigeandála agus déanfar athbhreithniú orthu más gá;
  • go lorgófar comhairle na foirne i leith cúrsaí sláinte agus sábháilteachta;
  • go ndéanfar reachtáil ar thoghchán ionas gur féidir leis an bhfoireann ionadaí sábháilteachta a roghnú.

Déanfaidh an Bord Bainistíochta athbhreithniú ar an ráiteas seo ar bhonn rialta nuair is gá, agus déanfaidh an Bord athscrúdú air uair sa bhliain ar a laghad.

Aithníonn an Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn go bhfuil dualgais reachtúla orthu i leith foireann, daltaí agus éinne eile atá ag feidhmiú ar son na scoile go dlisteanach agus i leith an phobail.

Tógann Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn orthu féin a chinntiú go gcloítear le forálacha Acht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa ag Obair 1989.

Dualgais na bhFostaithe

Tá sé de dhualgas ar gach fostaí agus iad ag obair:

  • cúram réasúnta a dhéanamh dá shábháilteacht /sábháilteacht, dá sláinte agus dá leas féin, agus de leas éinne eile a fhéadfadh a bheith thíos leis de bharr easnamh ina chuid / cuid oibre;
  • comhoibriú lena fhostóir / fostóir nó éinne eile chun a chinntiú gur féidir lena fhóstóir / fostóir nó an duine eile na forálacha reachtúla ábhartha a chomhlíonadh;
  • aon fhearas, aon éadach cosanta, aon trealamh nó rud eile (má táthar á n-úsáid ar bhonn aonair nó mar chuid de ghrúpa) a úsáid i slí is go gcuirtear an chosaint a bhí i gceist chun a shábháilteacht / sábháilteacht, sláinte nó leas ag obair a dhaingniú;
  • cur in iúl don Bhord Bainistíochta gan mhoill má tá aon mháchail ar innealra, ar an láthair oibre nó ar chóras oibre, a d’fhéadfadh sábháilteacht, sláinte nó leas a chur i mbaol, a luaithe agus bhíonn siad ar an eolas faoi.

Ní chuirfidh éinne isteach ar aon fhearas go neafaiseach nó ní bhainfidh siad aon mhí-úsáid as, nó as éadach cosanta nó as rud eile a chuirtear ar fáil chun feidhmiú de réir na bhforálacha ábhartha reachtúla nó chun sábháilteacht, sláinte nó leas a chinntiú a bhainfeadh le gníomhaíochtaí oibre. Ba chóir d’aon fhostaí atá ag baint úsáide as na háiseanna agus na fearais a chuirtear ar fáil, a chinntiú go gcuirtear na cleachtais oibre i gcrích sa tslí is sábháilte agus is féidir.

Comhchomhairle agus Eolas

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn dul i gcomhairle leis an bhfoireann agus iad ag réiteach foirmeacha le haghaidh smacht ar ghuaiseacha, cóip den ráiteas sábháilteachta a bhronnadh ar an bhfoireann reatha agus aon fhoireann eile sa todhchaí, agus aon eolas nó aon treoir bhreise a roinnt leis an bhfoireann nuair a chuirtear é ar fáil. Cuirfear sábháilteacht, sláinte agus leas ag obair san áireamh in aon oiliúint foirne agus in aon phleananna forbartha sa todhchaí.

Guaiseacha

Roinnfear guaiseacha i ndá roinn. Iad san gur féidir iad a réiteach agus déileáil leo go práinneach. Iad san atá doiléir agus cuirfear liosta de nósanna imeachta cuí in aice leo. Cealófar gach guais chomh fada agus a cheadóidh acmhainní agus cúinsí.

Tine

Tá siad seo a leanas mar pholasaithe ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn.

  • Cinnteoidh an Bord Bainistíochta go mbeidh soláthar cuí de mhúchtóirí dóiteán ar fáil, a bheadh oiriúnach don sórt tine a d’fhéadfadh tarlú in áit faoi leith, ainmneofar iad agus déanfaidh duine cáilithe agus údaraithe seirbhís orthu go rialta. Beidh treoracha ar gach múchtóir dóiteáin.
  • Cinnteoidh an Príomhoide go mbeidh cleachtadh éalaithe tine ann uair gach téarma.
  • Beidh aláraim doiteán marcáilte go soiléir (freagracht Oifigeach Sábháilteachta Bhord Bainistíochta na scoile).
  • Beidh comharthaí le feiscint go soiléir chun a chinntiú go mbeidh cuairteoirí ar an eolas mar gheall ar na doirse agus ar na bealaí amach (freagracht Oifigeach Sábháilteachta na Foirne).
  • Coimeádfar gach doras, pasáiste agus slí isteach saor ó chonstaic agus beifear ábalta é a oscailt ó laistigh den fhoirgneamh ag aon am. Cinnteoidh aon mhúinteoir, a bhfuil slí amach suite sa seomra ranga aige / aici, go gcoimeádtar saor ó chonstaic an tslí amach sin. Tá sé de dhualgas ar an bPríomhoide a chinntiú go mbíonn doras an halla agus an príomhdhoras saor ó chonstaic.
  • Taispeáinfidh plean den scoil na pointí tionól lasmuigh den scoil.
  • Is é atá i gceist le pointí tionól ná limistéar faoi leith lasmuigh den scoil, agus gach pointe tionóil sa limistéar sin sainithe.
  • Beidh comharthaí slí amach marcáilte go soiléir.
  • Bainfear gach plucóid amach a bhaineann le trealamh leictreach, nuair a fhágtar iad gan choimirce ar feadh tréimsí fada nó nuair a bhíonn an foirgneamh folamh. Tá an Príomhoide / Rúnaí, mar is cuí, freagrach as an oifig. Tá gach múinteoir freagrach as an seomra foirne. Déanfaidh an glantóir é a sheiceáil nuair atáid á ghlanadh.
  • Déanfar stóráil ar channaí gáis in áit dhaingean i slí is go ndéanfar laghdú ar fhéidearthacht pléascadh i gcás tine.
  • Beidh an Príomhoide freagrach as cleachtaí éalaithe ó thine agus na nósanna imeachta le haghaidh éalaithe.
  • Cuirfear i bhfeidhm aon mholadh a dhéanann an tOifigeach Doiteáin maraon leis na forálacha seo.
  • Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta aird chách a dhíriú ar na guaiseacha seo a leanas (chomh fada agus is féidir iad a aithint) a d’fhéadfadh a bheith dainséarach:
  • pasáistí fliucha
  • frámaí dreapadóireachta
  • umair gháis
  • seoláin ar sileadh
  • clóscríobháin, ríomhairí
  • gilitín
  • teilgeoirí
  • clár fiúis
  • citil leictreacha
  • teach an choire
  • dréimirí
  • iomarca gairbhéil sa chlós
  • feisteas / aonad ag gobadh amach
  • díon clárach an halla nó na scoile
  • stóras lasmuigh le bheith faoi ghlas
  • lomaire faiche
  • leaca ar fáil timpeall ar limistéar na scoile
  • clocha gairdín
  • leac oighear ar an talamh / ar dhromchlaí ar lá fuar
  • fuinneoga ag oscailt amach

Chun na dáinséir thuasluaite a sheachaint caithfear cloí leis na réitigh seo a leanas (féach dualgais na foirne ar leathanach 1-2 den cháipéis seo).

  • Teacht ar agus úsáid innealra / threalaimh a bheith teoranta do bhaill foirne cáilithe, a bhfuil sé de chúram orthu an trealamh céanna a rith, a chothú, a ghlanadh agus súil a choimeád ar ghnéithe de, mar chuid dá ngnáthdhualgais. Seolfar cóipeanna den ráiteas sábháilteachta seo go gach conraitheoir sula ndéanann an Príomhoide / Bord Bainistíochta conradh leo. Caithfear cóip den Ráiteas Sábháilteachta a thaispeáint d’aon chonraitheoir eile a thagann isteach sa scoil agus caithfidh siad cloí lena fhorálacha.
  • Caithfear innealra den sórt thuasluaite a úsáid de réir na dtreoracha agus na moltaí mar atáid leagtha amach ag an déantúsóir chomh maith.
  • Cinnteoidh an Bord Bainistíochta go gcuirtear oiliúint ar bhaill foirne ar cheart-úsáid aon innealra nó aon trealamh, mar is fóirsteanach.
  • Beidh cosaint leordhóthaineach curtha i bhfeidhm ar gach innealra nó trealamh leictreach
  • Cuirfear fógraí réamh-aireacha in airde, maidir le cúrsaí sábháilteachta, in áiteanna oiriúnacha
  • Caithfear dréimirí a úsáid le cabhair ó dhuine eile
  • Daltaí ag baint úsáide as buidéil ghloine a sheachaint, nuair is féidir. Gloine briste a ardach láithreach nuair a aimsítear é.
  • Dearbhálfaidh an Bord Bainistíochta go bhfuil úrláir glan agus cothrom, nach féidir sleamhnú orthu agus go bhfuil siad saor ó mheatháin adhmaid
  • Dearbhálfaidh an Príomhoide go bhfuil trealamh corp oideachais carnaithe go daingean i slí is nach mbeidh sé guaiseach
  • Iniúchadh bliantúil ar throscán, úrláir, gaireas, trealamh agus feisteas. (Oifigeach Sábháilteachta Bhord Bainistíochta agus Ionadaí Sábháilteachta na foirne)
  • Dearbhú nach bhfuil aon leaca cosáin míchothrom, briste nó scoilte. (Airíoch faoi chúram an Bhoird)
  • Dearbhú go bhfuil díonta, gáitéir agus píobáin draenacha i riocht maith agus dea-choinnithe. (Oifigeach Sábháilteachta an Bhoird Bainistíochta)
  • Dearbhóidh múinteoirí go bhfuil dún-phoill sábháilte
  • Dearbhú go n-oibríonn soilse lasmuigh agus go bhfuil siad leordhóthaineach. (Bord Bainistíochta)
  • Dearhbú go bhfuil aon ábhair nó trealamh a bhaineann le tógálaithe nó leis an Airíoch nó aon stóras lasmuigh daingean agus stóráilte go sábháilte. (Príomhoide agus Oifigeach Sábháilteachta an Bhoird Bainistíochta)
  • Dearbhú go mbaintear gach mála bruscair as an scoil gach lá agus go ndéantar iad a stóráil lasmuigh.

Guaiseacha leanúnacha

Innealra, Trealamh cistine, Fearais Leictreacha

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta nach n-úsáideann ach daoine ábalta agus údaraithe, innealra, trealamh cistine agus fearais leictreacha. Déanfar iniúchadh rialta ar threalamh agus ar fhearas dá leithéid.

Fearais Leictreacha

Déanfar socruithe go ndéanfaidh duine ábalta, ie duine cothabhála, an soláthraí nó a ghníomhaí, iniúchadh ar fhearais dá leithéid, ar a laghad uair sa bhliain. Roimh fhearais mar seo a úsáid ba chóir don úsáideoir na rudaí seo a leanas a dhearbhú:

  • go bhfuil gach gnáth-chosaint atá mar ghnáthchuid den fhearas ag obair;
  • aon shreangán / sheoltán a sholáthraíonn cumhacht slán, gan aon ghearradh nó scoilteanna ann;
  • aon phloicéad nach bhfuil in úsáid a bhaint amach as an soicéad;
  • go n-úsáidtear an fiús ceart i mbarra ploicéid fiúis oiriúnacha;
  • go gcloítear leis na treoracha oifigiúla eisithe ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Ceimicí

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn go ndéantar stóráil ar cheimicí, tónóir don fhotachóipeoir, glantaigh agus rl. i soithigh so-aitheanta le treoracha orthu agus rabhadh maidir le húsáid agus coimeádfar iad faoi ghlas agus cuirfear cosaint ar fáil nuair atáid in úsáid. (rúnaí / glantóir / Príomhoide, mar is cuí).

Drugaí agus Míochnú

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn go gcoimeádtar drugaí agus míochnú i gcófra daingean, a bhíonn faoi ghlas i gcónaí agus go gcoiméadtar an eochair in áit eile atá daingean agus nach n-úsaideann ach duine traenálta agus údaraithe é.

Leas

Chun leas leanúnach na foirne agus na bpáistí a chinntiú, cuirfear leithris agus seomra cotaí ar fáil. Cuirfear seomra foirne ar fáil atá scartha amach ón limistéar oibre, áit inar féidir tae agus sos lóin a ghlacadh. Caithfidh an fhoireann comhoibriú chun ard-chaighdeán sláinteachais a choinneáil sa limistéar seo.

Caithfear ard-chaighdeán sláinteachais a bhaint amach i gcónaí. Caithfidh áiseanna leordhóthaineacha chun dramhaíl a chaitheamh amach a bheith ar fáil. Caithfear soláthar leordhóthaineach a bheith ann d’uisce te agus fuar, de thuaillí, de ghalúnach agus d’áiseanna le dramhaíl sláintíoch a chaitheamh amach.

Meabhraítear na pointí seo a leanas do bhaill foirne:

  • Caithfidh ball foirne a chur iúl don scoil má táid faoi chúram leighis nó ar mhíochnú oidis dhochtúra ach fós féin go bhfuil sé ceadaithe dóibh bheith ag obair agus a chur in iúl má tá aon dhroch-thionchar ag an míochnú sin orthu a d’fhéadfadh a bheith dáinséarach dóibh féin nó dá gcomhoibrithe nó a d’fhéadfadh cur isteach ar chaighdeán a gcuid oibre. Socróidh an scoil go mbeidh dualgais chuí roghnaithe dóibh don tréimhse eatramhach.
  • Níl sé ceadaithe don fhoireann nó do dhalta beith ar láthair na scoile má tá alcól nó drugaí mídhleathacha tógtha acu. Má sháraítear an riail seo is féidir céimeanna smachta a ghlacadh in aghaidh an duine.

Úrláir Ró-shnasta

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn gach iarracht a dhéanamh dromhchlaí sleamhain a sheachaint. Glanfar úrláir i ndiaidh am scoile, nuair is féidir, chun dainséar sleamhnaithe a sheachaint. Nuair atá úrláir fliuch, cuirfear comharthaí in airde chun rabhadh a thabhairt. D’fhéadfadh an talamh nó dromchlaí lasmuigh a bheith sleamhain ó shioc in aimsir fhuar, agus cuirfear comhairle ar an bhfoireann agus ar na daltaí ráillí a úsáid agus iad ag dul suas agus síos an staighre / céimeanna. Nuair atá sé indéanta cuirfear ciumhaiseanna sofheicthe neamh-shleamhna ar chéimeanna.

Caitheamh Tobac

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn go mbeidh cosc iomlán ar thobac sa scoil chun an ghuais don fhoireann agus do na daltaí a bhaineann le tobac san aer a sheachaint.

Gloine Bhriste

Déanfaidh an Bord Bainistíochta iarracht an dainséar ó ghloine bhriste a laghdú. Iarrtar ar bhaill foirne a chur in iúl don Phríomhoide láithreach má tá gloine bhriste ann chun gur féidir é a bhaint ar an toirt.

Aonaid Fístaispeána (VDU)

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn go leantar go cúramach an chomhairle a thugtar sna treoirlínte ar úsáid shábháilte aonaid fístaispeána, mar atá eisithe ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta. Déanfar staidéar ar aon eolas nua maidir leis na guaiseacha a bhaineann le haonaid fístaispeána agus cuirfear na moltaí agus na treoracha i bhfeidhm.

Galair Infhabhraíocha

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn go gcuirtear ar an eolas iad mar gheall ar aon ghalar infhabhraíocha chun gur féidir leo céimeanna a thógaint le sábháilteacht na foirne agus na ndaltaí i gcoinne an ghalair a chinntiú. Déanfaidh an Bord Bainistíochta tréaniarracht an baol ón ngalar a laghdú trí chloí le dea-phrionsabail ghlaineachta, shláinteachais agus dífhabhtaigh agus láimhíní plaisteacha (aonshealacha) a chur ar fáil le haghaidh garchabhair agus glanadh. Beidh soláthar leordhóthaineach uisce, galúnaigh agus tuaillí ann i gcónaí sna leithris agus seomraí folctha agus áis chun dramhaíl a chaitheamh amach go sábháilte.

Garchabhair

Tá sé mar pholasaí ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn go ndéantar traenáil ar bhall foirne le garchabhair a chur ar fáil don fhoireann agus na daltaí.

Cuirfear fógraí in airde san oifig ag sonrú:

  • socruithe le haghaidh garchabhair;
  • suíomh na mboscaí garchabharacha;
  • nósanna imeachta glaoch ar otharchairr srl;
  • uimhreacha gutháin do dhochtúir áitiúil, na gardaí, ospidéal srl.

Cuirfear gach teagmhas in iúl don té atá freagrach as an nguais áirithe sin mar atá sonraithe sa ráiteas, nó sa chás go dtarlaíonn an tionóisc/teagmhas in aon áit eile nach mbaineann an t-alt sin ar ghuaiseacha leis an Oifigeach Sábháilteachta, is cuma cé chomh suarach é agus is cuma más do bhall foirne nó do dhalta nó do dhuine den phobal a tharlaíonn sé. Tá sé seo riachtanach chun súil a choimeád ar dhul chun cinn na gcaighdeáin shábháilteachta agus chun cúram leighis cuí a chinntiú nuair is gá. Caithfear comhad de thaifead ar thionóisc a choinneáil chun go ndéanfaidh an tOifigeach Sábháilteachta taifead ar gach tionóisc agus teagmhas.

Cinnteoidh an Príomhoide go mbeidh bosca garchabhrach le soláthar cuí ar fáil don fhoireann i gcónaí le:

  • greimlíní (plástair a ghreamaíonn)
  • frith-hiostaimín do chealga & rl.
  • téip
  • dífhabhtán (m.sh.) Savlon
  • lóis súl (m.sh.) Obtrex
  • uachtar antaiseipteach
  • bindealáin cadáis
  • uachtar do gharchabhair ar dhó
  • cuimilteán antaiseipteach
  • siosúr
  • cairt garchabhrach

Caithfear lámhainní aonsealacha a úsáid i gcónaí agus garchabhair á thabhairt

Slí Isteach sa Scoil

Sa mhéid go mbeadh sé comhoiriúnach le leagan amach praiticiúil ar láthair na scoile, beidh sé de dhualgas ar éinne a bhuaileann isteach sa scoil, iad féin a chur in aithne don Phríomhoide nó don rúnaí mar is ábhartha, sula scaoiltear isteach iad. Beidh ar aon chonraitheoir é féin a chur in aithne go pearsanta don Phríomhoide sula dtosaíonn sé aon obair ar an láthair agus taispeáinfear cóip de ráiteas sábháilteachta na scoile dó agus aontóidh sé lena fhorálacha.

Nuair atá obair ar siúl, seachnófar aon torann i rith am scoile nuair is féidir agus ísleofar é go dtí an t-íosmhéid riachtanach i gcónaí. Ní chruthóidh an conraitheoir agus a fhoireann oibre aon ghuais, sealadach nó buan, gan insint don Phríomhoide nó dá iondaí roghnaithe, agus cuirfear comhartha in airde ag tabhairt rabhadh maidir leis na guais nó cosaint oiriúnach eile.

Páistí a Bhailiú

  • Caithfidh gach tuismitheoir / coimirceoir / feighlí géilleadh do chomharthaí ar thailte na scoile, ar mhaithe le sábháilteacht.
  • Comhairlítear gan gluaisteáin a thiomáint ar thailte na scoile nuair atá páistí á mbailiú nó ag súgradh sa chlós.
  • Comhairlítear dóibh siúd atá páirceáilte lasmuigh de thailte na scoile páistí óga a thionlacan go dtí agus ó fhoirgneamh na scoile.

Athbhreithniú ar an Ráiteas Sábháilteachta seo

Déanfaidh Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Ghoirt Álainn athbhreithniú ar an ráiteas seo go rialta de réir thaithí agus riachtanais Acht Sláinte agus Sábháilteachta agus an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Cliceáil anseo chun PDF don cáipéis seo a íoslódáil.

Gaelscoil an Ghoirt Álainn Health and Safety Statement

The Board of Management brings to the attention of its staff the following arrangements for safeguarding the safety, health and welfare of those employed and working in the school.

This policy requires the co-operation of all employees. It shall be reviewed annually or more frequently if necessary, in the light of experience, changes in legal requirements and operational changes. A safety audit shall be carried out annually by the Board of Management Safety Officers and a report made to staff. All records of accidents and ill-health will be monitored in order to ensure that any safety measures required can be put in place to minimise the recurrence of such accidents and ill-health.

The Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn, Aibhinne Murmont, Gort Álainn, Corcaigh wishes to ensure that as far as is reasonably practical:

  • the design, provision and maintenance of all places in the school shall be safe and without risk to health;
  • there shall be safe access to and from places of work;
  • plant and machinery may be opened safely in so far as is possible;
  • work systems shall be planned, organised, performed and maintained so as to be safe and without risk to health;
  • staff shall be instructed and supervised in so far as is reasonably possible so as to ensure the health and safety at work of its employees;
  • protective clothing or equivalent shall be provided as is necessary to ensure the safety and health at work of its employees;
  • plans for emergencies shall be complied with and revised as necessary;
  • employees shall be consulted on matters of health and safety;
  • provisions shall be made for the election by the employees of a safety representative.

This statement will be continually revised by the Board of Management as necessity arises, and shall be re-examined by the Board on at least an annual basis.

The Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn recognises that its statutory obligations under legislation extends to employees, students, to any person legitimately conducting school business, and to the public.

The Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn undertakes to ensure that the provisions of the Safety, Health and Welfare at Work Act 1989 are adhered to.

Duties of Employees

It is the duty of every employee while at work:

  • to take reasonable care for his/her own safety, health and welfare, and that of any person who may be affected by his/her acts or omissions while at work;
  • to co-operate with his/her employer and any other person to such extent as will enable his/her employer or the other person to comply with any of the relevant statutory provisions;
  • to use in such manner so as to provide the protection intended, any suitable appliance, protective clothing, convenience, equipment or thing provided (whether for his/her lone use or for use by him/her in common with others) for securing his/her safety, health or welfare at work;
  • to report to the Board of Management without unreasonable delay, any defects in plant, equipment, place or work, or system of work, which might endanger safety, health or welfare of which he/she becomes aware.

No person will intentionally or recklessly interfere with or misuse any appliance, protective clothing, convenience or other means or thing provided in pursuance or any of the relevant statutory provisions or other wise, for securing safety, health or welfare or persons arising out of work activites.

Employees using available facilities and equipment provided, should ensure that work practices are performed in the safest manner possible (see section 9 of Safety, Health and Welfare at Work Act 1989).

Consultation and Information

It is the policy of the Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn to consult with staff in preparation and completion of hazard control forms, to give a copy of the safety statement to all present and future staff, and to convey any additional information or instructions regarding health, safety and welfare at work to all staff as it becomes available. Health, safety and welfare at work will be considered in any future staff training and development plans.

Hazards

Hazards shall be divided into two categories. Those which can be rectified will be dealt with as a matter of urgency. Those that cannot will be clearly indicated and appropriate procedures listed beside them. All hazards shall be eliminated in so far as resources and circumstances allow.

Fire

The following is the policy of the Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn.

  • The Board of Management will ensure that an adequate supply of fire extinguishers, suitable for the type of fires likely to occur in each area, is available, identified and regularly serviced by authorised and qualified persons. Each fire extinguisher shall have instructions for its use.
  • The principal will ensure that fire drills shall take place at least once a term.
  • Fire alarms shall be clearly marked (responsibility of Board of Management Safety Officer).
  • Signs shall be clearly visible to ensure that visitors are aware of exit doors and routes.
  • All doors, corridors, and entries shall be kept clear of obstruction and shall be able to be opened at all times from within the building. Each teacher who has an exit in her classroom must ensure it is kept clear. PE hall and main door – principal will see they are free of obstruction.
  • A plan of the school shows assembly points outside the school.
  • Assembly areas are designated outside each building, and the locations specified.
  • Exit signs shall be clearly marked.
  • All electrical equipment shall be left unplugged each evening and when the building is empty unless otherwise recommended by the supplier. Teachers are responsible for their own classroom. The secretary/Principal, as appropriate, are responsible for the office. Staff room is every teacher’s responsibility during school hours. After school hours the responsibility for checking that electrical items in the staffroom are unplugged rests with the caretaker. Caretaker to check when locking up.
  • Bottled gas shall be stored in a secure place in such a manner as to minimise the danger of explosion in the case of fire.
  • Principal shall be responsible for fire drills and evacuation procedures.
  • All recommendations made by a Fire Officer in addition to these provisions shall be implemented.
  • Location of fire extinguishers must be indicated on map.

The following hazards (in so much as can be identified) are considered by the Board of Management to be a source of potential danger and are brought to the attention of all concerned:

  • wet corridors
  • climbing frames
  • gas tanks
  • trailing leads
  • typewriters, computers
  • guillotine
  • projectors
  • fuse board
  • electric kettles / burco boiler
  • boiler house
  • ladders
  • excess gravel on school yard
  • protruding units and fittings
  • flat roof of school
  • external store to be kept locked
  • lawnmower
  • slabs around perimeter of school
  • garden stores
  • icy surfaces on a cold day
  • mats in hall
  • windows opening out
  • manholes
  • safety bars on ramp
  • the main gates and railings

To minimise these dangers the following safety/ protective measures must be adhered to (see duties of employee, pages 1-2 of this document).

  • Access to and operation of plant/equipment is restricted to qualified members of the staff, whose job function is that of running, maintaining, cleaning and monitoring particular items of plant in the course of their normal duties. Copies of this Safety Statement will be sent to all contractors prior to contract by the Principal/Board of Management. Any other contractors entering the school must be shown a copy of the schools Safety Statement and shall adhere to its provisions.
  • In addition, all such plant and machinery is to be used in strict accordance with the manufactures instructions and recommendations.
  • Where applicable Board of Management will ensure that members of the staff will have been instructed in the correct use of plant, machinery and equipment.
  • All machinery and electrical equipment are fitted with adequate safeguards.
  • Precautionary notices, in respect of safety matters are displayed at relevant points.
  • Ladders with a greater height than 12ft must be used with another person’s assistance.
  • Avoid use of glass bottles where possible by pupils. Remove broken glass immediately on discovery.
  • Board of Management will check that floors are clean, even, non-slip and splinter-proof.
  • Principal will check that PE equipment is stacked securely and position so as not to cause a hazard.
  • Check that all PE and other mats are in good condition.
  • An annual routine for inspecting furniture, floors, apparatus, equipment and fittings to be undertaken by the Board of Management Safety Officer and Staff Safety Representative.
  • Check that wooden beams, benches etc. are free from splinters and generally sound.
  • Check that vaulting horses, beams and benches are stable and do not wobble when in use.
  • Check that there are no uneven/broken/cracked paving slabs. Board of Management Safety Officer will check that roofs, guttering, drain pipes etc as far as can be seen are sound and well maintained.
  • Any trip hazards will be reported.
  • Check that all play areas, especially sand pits, are kept clean and free from glass before use.
  • Check that outside lighting works and is sufficient (Board of Management Safety Officer).
  • Check that all builder’s materials, caretakers’ maintenance equipment, external stores etc are stored securely (principal and Board of Management Safety Officer).
  • Check that refuse is removed from building each day and is carefully stored outside (caretaker).
  • Secretary’s video display unit should have a screen in front of the computer.

Constant Hazards

Machinery, Kitchen equipment, Electrical appliances.

It is the policy of the Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn that machinery, kitchen equipment and electrical appliances are to be used only by competent and authorised persons. Such appliances and equipment will be subject to regular maintenance checks.

Electrical Appliances

Arrangements will be made for all appliances to be checked on a regular basis at least annually by a competent person (ie) maintenance person, the supplier or his agent. Before using any appliance the user should check that:

  • all safety guards which are a normal part of the appliance are in working order;
  • power supply cables/leads are in tact and free of cuts or abrasions;
  • leads of appliances are unplugged when not in use;
  • suitable undamaged fused plug tops are used and fitted with the correct fuse;
  • official guidelines issued by the Health and Safety Authority are followed.

Chemicals

It is the policy of the Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn that all chemicals, photocopier toner, detergents etc be stored in clearly identifiable containers bearing instructions and precautions for their use and shall be kept in a locked area, and protection provided to be used when handling them (secretary/cleaner/Principal where appropriate).

Welfare

To ensure the continued welfare of the staff and children, toilet and cloakroom areas are provided. A staffroom separate from the work area is provided, where tea and lunch breaks may be taken. Staff must co-operate in maintaining a high standard of hygiene in this area.

A high standard of hygiene must be achieved at all times. Adequate facilities for waste disposal must be available. An adequate supply of hot and cold water, towels and soap and sanitary disposal facilities must be available.

Members of staff and students are reminded of the following.

  • A person who is under medical supervision or on prescribed medication and who has been certified fit for work, should notify the school of any known side effect or temporary physical disabilities which could hinder their work performance and which may be a danger to either themselves or their fellow workers. The school will arrange or assign appropriate tasks for the person to carry out in the interim.
  • Staff and students are not allowed to attend the premises or carry out duties whilst under the influence of illicit drugs or alcohol. Any person found breaking this rule will be liable to disciplinary action.

Highly Polished Floors

It is the policy of the Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn that every attempt will be made to avoid the creation of slippery surfaces. The washing of floors shall be conducted, as far as is possible, after school hours to eliminate as far as possible, the danger of slipping. Where floors are wet, warning signs regarding wet floors shall be used. Attention is drawn to the possibility of outside floors and surfaces being affected by frost in cold weather, and staff and pupils shall be told to use handrails when going up or down stairs. Step edges shall be fitted with clearly marked edges of a non-slip nature wherever practical.

Smoking

It is the policy of the Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn that the school shall be a non-smoking area to avoid hazard to staff and pupils of passive smoking.

Broken Glass

The Board of Management shall minimise the danger arising from broken glass. Staff are asked to report broken glass to the Principal so that it may be immediately removed.

Visual Display Units (VDU)

It is the policy of the Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn that the advice contained in the guidelines on the safe operation of visual display units, issued by the Health and Safety Authority be carefully followed. Any up-to-date information regarding hazards relating to the use of VDUs will be studied and recommendations and directives implemented.

Infectious Diseases

It is the policy of the Board of Management of Gaelscoil an Ghoirt Álainn that all infectious diseases shall be notified and steps taken to ensure the safety of staff and students against all such diseases. The Board of Management will endeavour to minimise the risk by adherence to sound principals of cleanliness, hygiene and disinfection and have provided disposable gloves for use in all First Aid applications, cleaning tasks, etc. Toilets and washrooms shall be provided at all times with an adequate supply of water, soap, towels and a facility for the safe disposal of waste.

First Aid

Staff are made aware of:

  • school’s policy regarding the administering of first aid;
  • location of first aid boxes;
  • procedure of calling ambulances etc;
  • location telephone numbers of local doctor, Gardaí, hospital.

An accident report file is to be maintained by the staff safety officer for the recording of all accidents.

The Staff Safety Officer will see that there will be maintained in the school a properly equipped first aid box available to staff at all times containing:

  • sticking plasters
  • anti-histamine for stings, etc.
  • tape
  • disinfectant eg Savlon
  • eye lotion eg Obtrex
  • antiseptic cream
  • cotton bandage
  • cream for first aid treatment of burns
  • antiseptic wipes
  • scissors
  • first aid chart

Disposable gloves must be used at all times in administering first aid

Access to School

In as much as is compatible with the practical layout of the school premises, anyone entering the school premises shall be required to identify themselves to the Principal or the secretary as relevant before gaining admittance to the school. Any contractor must make direct contact with the Principal before initiating any work on the premises and shall be shown a copy of the safety statement applying to the school and shall agree to its provisions.

While work is in progress, any noise shall be avoided wherever possible during school hours and shall at all times be reduced to the minimum necessary. The contractor and his workmen shall not create any hazard, permanent or temporary, without informing the principal or his nominated agent and shall mark such hazard with warning signs or other suitable protection.

Delivering and Collecting Children

  • In the interests of safety, all parent/guardians/carers must obey all signs upon entering the school grounds.
  • Vehicles are prohibited from entering school grounds when collecting or delivering children.
  • Vehicles are not to be driven into Brian Dillon’s
  • All parking must be on the Brian Dillon’s side of the road.
  • Vehicles are prohibited from entering / exiting school playground while the playground is occupied by children.

Please click here to download a PDF of this document.