Thosaigh banna ceoil na scoile ag cleachtadh le Caoimhín Vallely i mí Deireadh Fómhair agus tá an oiread sin oibre déanta acu ó shin. Tar éis dóibh cleachtadh a dhéanamh gach seachtain ar scoil (agus dar ndóigh gach lá sa bhaile), tá ceithre phort acu anois.
Bhí sé de phribhléid acu seinm ag seirbhís carúl Our Lady Crowned an Domhnach seo caite, agus inné chuadar go dtí Gaelcholáiste an Ghoirt Álainn chun seinm ag an Margadh Geimhridh. Bhí an lucht féachana an-tógtha leo. Beidh an banna ceoil ag seinm arís amárach ag ár Margadh Geimhridh féin agus táimid go léir ag súil go mór leis.
Our school banna ceoil started practicing with Caoimhín Vallely in October and they have been working hard since then. They’ve practiced diligently every week at school (and every day at home, of course) and they can now play four tunes together.
They had the great privilege of playing their tunes at the carol service in Our Lady Crowned on Sunday, and yesterday they went to Mayfield Community School to play at the Winter Fair. The audience at both events was delighted with them. The banna ceoil will play again tomorrow at our own Winter Fair and we’re really looking forward to hearing them.