An Brat Buí / The Yellow Flag

 

Ba í Gaelscoil an Ghoirt Álainn an chéad Ghaelscoil ilchreidmheach a bunaíodh sa tír seo agus is údar mór bróid dúinn éiteas ár scoile.  Is aoibhinn linn ilchineálacht a cheiliúradh, agus déanaimid ár seacht ndícheall céad míle fáilte a chur roimh gach éinne i gcónaí!
Gaelscoil an Ghoirt Álainn was the first multi-denominational Gaelscoil to be founded in this country, and we are very proud of our ethos.  We love to celebrate diversity in our school, and always do our best to make everyone feel welcome …. extending a “céad míle fáilte” to all!

Táimid ag obair go dian dícheallach chun Brat Buí a bhaint amach dár scoil i mbliana.  Le linn an chéad téarma bunaíodh Coiste Ilchineálachta chun ár n-iarrachtaí chuige seo a stiúradh.  Tá daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí ag déanamh tréaniarrachta cuimsiú a chur chun cinn agus ilchineálacht a cheiliúradh mar chuid den tionscnamh seo ó shin i leith, agus sinn go léir ag obair as láimh a chéile.  Is féidir tuilleadh eolais faoin gclár seo a fháil ón suíomh gréasáin http://yellowflag.ie/ agus ón bhfíseán seo!
We have been working hard to earn a Yellow Flag for our school this year.  During the first term a Diversity Committee was established to co-ordinate our endeavours in this regard.  Ever since then our pupils, parents and teachers have teamed up to make an extra special effort to promote inclusion and celebrate diversity as part of this initiative.  You can learn more about this programme from the http://yellowflag.ie/ website and from this video!

D’iarr an Coiste Ilchineálachta ar na leanaí i Ranganna a Trí go dtí a Sé araon le tuismitheoirí na scoile go léir ceistneoir mar gheall ar ilchineálacht agus ar chuimsiú a líonadh isteach ar líne le linn an tarna téarma mar chuid dár nAthbhreithniú Idirchultúrtha. Baineadh úsáid as na freagraí a thugadar chun Plean Gníomhaíochta a chur le chéile d’fhonn cabhrú linn saol na scoile a fheabhsú.
During the second term our Diversity Committee asked the children in Rang a Trí to Rang a Sé as well as all of our parents to complete an online questionnaire about diversity and inclusion as part of our Intercultural Review.  The responses they submitted were used to form an Action Plan to help us improve school life.

Táimid thar a bheith mórtasach as an obair iontach atá ar bun ag leanaí, ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí na scoile go léir chun an Plean Gníomhaíochta seo a chur i bhfeidhm agus sinn ar thóir an Bhrait Bhuí!
We are immensely proud of the great work all of our children, parents and teachers are doing to implement this Action Plan as we work towards our Yellow Flag!

  • D’fhreastal múinteoirí na scoile go léir ar cheardlann mar gheall ar Fheasacht ar Ilchineálacht agus ar Chomhionannas.
    All of the teachers in our school attended a workshop on Diversity and Equality Awareness.
  • Tar éis dó teacht chun cinn san Athbhreithniú Idirchultúrtha gurb as fiche tír éagsúla do leanaí agus do thuismitheoirí ár scoile, tharraingíomar agus dhathaíomar na bratacha náisiúnta a bhaineann le gach ceann acu agus réitíomar comharthaí fáilte sna teangacha dúchasacha cuí.
    After the Intercultural Review revealed that our school’s pupils and parents come from 20 different countries, we drew and coloured each of their national flags and prepared welcome signs in each of their native languages.

  • Tháinig na leanaí ar thuiscint níos fearr ar a gcuid féiniúlachta agus muintearais, agus ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí eatarthu, m.sh. trí thaighde a dhéanamh ar armais a muintire, trí ealaín a chruthú spreagtha ag na suáilcí agus na buanna speisialta atá acu agus ag a gcairde, srl.
    The pupils developed their sense of identity and belonging, and their understanding of similarities and differences, e.g. by researching their families’ coat of arms, creating art inspired by what makes them and their friends special, etc.

  • Ghlac leanaí sna hardranganna páirt sa chlár “Éirigh! Seas Suas!” a bhí dírithe ar an bhféinmhuinín agus an athléimneacht a fhorbairt.
    Children in the senior classes participated in the “Get Up! Stand Up!” programme which focused on developing their self-esteem and resilience.
  • D’fhoghlaim na leanaí sna meánranganna agus sna hardranganna faoi Chearta an Linbh agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Daonna.  Dheineadar plé ar conas a bhaineann freagrachtaí le cearta, ar shaolta Ghandhi agus Martin Luther King, agus ar conas coimhlintí a réiteach.
    Children in the middle and senior classes learnt about the Rights of the Child and the UN Charter of Human Rights. They discussed how rights come with responsibilities, the lives of Gandhi and Martin Luther King, and how to resolve conflicts.
  • Tá tionscnaimh réitithe ag go leor ranganna mar gheall ar thíortha, ar chultúir agus ar chreidimh éagsúla, m.sh. cinn faoin Nollaig i dtíortha éagsúla, faoi stáit i Stáit Aontaithe Mheiriceá, srl.
    Lots of classes have prepared projects about various countries, cultures and religions, e.g. about Christmas in different lands, states in the U.S.A., etc.
  • Dheineamar ceiliúradh ar na féilte seo a leanas trí mheáin an cheoil, na healaíne agus na míme i mbliana:
    Oíche Shamhna, Díbheálaí, Loi Krathong, Lá Altaithe, Féile an Tiomnaithe, Santa Lucia, an Nollaig, Tu BiShvat, Basant Panchami, Bliain Nua na Síneach, Lá na bPancóg, Hina Matsuri, Lá Idirnáisiúnta na mBan, Lá Fhéile Pádraig, Baisakhi, Wesak & Kodomo No Hi.
    Cuireadh an obair iontach seo i gcrích mar chuid de “Croí na Scoile” an clár oideachas eitice ilchreidmheach a mhúintear sa scoil faoi stiúir Mhúinteoir Caoimhe.

    We celebrated the following festivals through music, art and mime this year:
    Hallowe’en, Divali, Loi Krathong, Thanksgiving, Hanukkah, Santa Lucia, Christmas, Tu BiShvat, Basant Panchami, Chinese New Year, Pancake Tuesday, Hina Matsuri, International Women’s Day, St. Patrick’s Day, Baisakhi, Wesak & Kodomo No Hi.
    This great work was completed as part of “Croí na Scoile”, our school’s
    multi-denominational ethical education programme which is co-ordinated by Múinteoir Caoimhe.

 

Díbheálaí (Rang a hAon)

 

Loi Krathong (Rang a Trí)

 

An Nollaig (Naíonáin Bheaga)

 

Bliain Nua na Síneach (Naíonáin Mhóra)

 

Wesak (Rang a Ceathair)

 

Baisakhi (Rang a Trí)

 

Kodomo No Hi (Naíonáin Mhóra)

 

  • Dheineamar ceiliúradh ar Bhliain Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha i mí Feabhra.  Chuir gach rang taispeántas i láthair spreagtha ag an téama seo, faoi stiúir Mhúinteoir Caoimhe agus a múinteoir ranga.
    We celebrated the International Year of Indigenous Languages in February.  Each class made a short presentation to the rest of the school inspired by this theme, under the direction of Múinteoir Caoimhe and their class teacher.
  • Déanaimid ceiliúradh ar ár gcultúr Gaelach le linn na bliana go léir trí amhráin thraidisiúnta a chanadh, an fheadóg stáin a sheinm, rince Gaelach a chleachtadh le Múinteoir Micheál, agus iománaíocht/camógaíocht agus peil a imirt, srl.  Gaelscoil is ea í ár scoil dar ndóigh agus is aoibhinn linn Gaeilge a labhairt lena chéile gach uile lá chomh maith!
    We celebrate Irish traditional culture throughout the year as we sing traditional songs, play the tin whistle, practise Irish dancing with Múinteoir Micheál, play hurling/camogie and Gaelic football, etc.  As our school is a Gaelscoil we love speaking Irish to each other every day too!

 

Amhrán na bhFiann & Amhrán na nGael

 

Filíocht & Rince (Rang a Dó – Múinteoir Gavin)

 

Rince spreagtha ag “Draoi Oz” (Rang a Ceathair – Múinteoir Rebecca)

 

Bothántaíocht (Rang a Ceathair agus a Cúig – Múinteoir Niamh Dan)

 

  • Dheineamar ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta le Bricfeasta Mór ó Choiste na dTuismitheoirí, chomh maith le céilí, comórtais ealaíne, tráthanna na gceist agus go leor gníomhaíochtaí taitneamhacha eile a d’eagraigh Múinteoir Máire.
    We celebrated Seachtain na Gaeilge in March with our Parents’ Association’s Bricfeasta Mór, as well as a céilí, art competitions, table quizzes and lots of other fun activities which were organised by Múinteoir Máire.

 

  • D’fhoghlaim na leanaí i Ranganna a Cúig agus a Sé Iodáilis ó Mhúinteoir Anna Maria (cainteoir dúchasach), agus réitíodar agus bhlaiseadar bia traidisiúnta ón Iodáil (píotsa agus panettone) faoina stiúir i mbliana.
    Pupils in Rang a Cúig and Rang a Sé learnt Italian from Múinteoir Anna Maria (a native speaker), and prepared and tasted some traditional Italian food (pizza and panettone) under her direction this year.
  • Dheineamar ceiliúradh ar Sheachtain an Chairdis i mí Bealtaine. Bhí “cara rúnda” ag gach leanbh sa scoil ar feadh seachtaine agus thug na daltaí sna hardranganna togha na haire do na leanaí sna Naíonáin Bheaga mar chuid dár dtionscnamh “Cairde Clóis”.
    We celebrated Friendship Week in May.  Each child in the school had a “secret friend” for a week, and pupils in the senior classes also took special care of the Junior Infants as part of our “Yard Buddies” initiative.
  • Deineadh athbhreithniú ar Bheartas Frithbhulaíochta na scoile.  Ghlac an Bord Bainistíochta leis an bpolasaí leasaithe ar an 28ú Bealtaine 2019.
    The school’s Anti-Bullying Policy was revised.  The amended policy was adopted by the Board of Management on 28th May 2019.
  • Chum ár gCoiste Ilchineálachta “Cód Ilchineálachta” dár scoil. Is aoibhinn linn an t-amhrán taitneamhach seo atá spreagtha ag an tábhacht a bhaineann le hilchineálacht agus le fáilte a chur roimh gach éinne i nGaelscoil an Ghoirt Álainn a chanadh!
    Our Diversity Committee composed a “Diversity Code” for our school.  We love singing this fun song which was inspired by the importance of diversity and making everyone feel welcome in Gaelscoil an Ghoirt Álainn!
  • D’fhreastal Rang a Trí ar cheardlann le Patrick Broderick d’fhonn a thuilleadh a fhoghlaim faoi cheardaíocht thraidisiúnta agus nósanna na hÉireann, agus faoina nasc le cultúr an Lucht Siúil.
    Rang a Trí attended a workshop with Patrick Broderick to learn more about Irish traditional crafts and customs, and their link with Traveller culture.

  • Chuaigh Rang a Dó ar turas scoile chuig Pizzeria San Marco i Mainistir na Corann, áit ar fhoghlaimíodar faoi chultúr agus bia na hIodáile.  D’fhoghlaimíodar faoi stair an phíotsa agus faoin gcultúr a bhaineann le bia sráide.  Bhí deis acu bualadh le cócaire ón Iodáil, taos a ullmhú agus píotsaí dá gcuid féin a réiteach!
    Rang a Dó went on a school tour to Pizzeria San Marco in Midleton where they learned about Italian culture and food. They learned about the history of the pizza and the culture of street food.  They also had an opportunity to meet Italian chefs, prepare dough and make their own pizzas!

  • D’fhoghlaim na leanaí i ngach rang faoi conas is féidir bulaíocht a aithint agus conas mar ba chóir freagairt di tríd an gclár “Bí Sábháilte” a théann i ngleic leis na téamaí Ag Mothú Sábháilte & Neamhshábháilte, Cairdeas & Bulaíocht, Tadhaill, Rúin & Insint agus Strainséirí a chur i gcrích.
    The children in all of the classes learnt more about how to identify and deal with bullying through completing the “Stay Safe” programme which addresses the themes of Feeling Safe & Unsafe, Friendship & Bullying, Touches, Secrets & Telling and Strangers.

  • Bhí deis ag na leanaí i ngach rang éisteacht le scéalta agus féachaint ar scannáin/ ar chláir faisnéise faoi chultúir éagsúla, agus iad a phlé.
    Children in all classes had an opportunity to listen to stories and watch films/documentaries about various cultures, and discuss them.

Táimid ag súil go mór leis na gníomhaíochtaí seo a leanas roimh dheireadh na bliana:
We are really looking forward to the following events which we will enjoy before the end of the year:

  • éisteacht le tuismitheoirí atá mar bhaill den phobal Moslamach agus den phobal Giúdach agus iad ag insint dúinn faoina gcreidimh
    listening to parents who are Muslim and Jewish tell us about their religions
  • Oiliúint um Fheasacht ar Chultúr an Lucht Siúil a ardú a fháil
    receiving Traveller Culture Awareness Training
  • ceiliúradh a dhéanamh ar an obair ar fad atá déanta againn chun Brat Buí a bhaint amach dár scoil ag tionól speisialta ar an 25ú Meitheamh ina mbeidh amhránaíocht, mórshiúl bratach agus cur i láthair ón gCoiste Ilchineálachta ar siúl
    celebrating all of the work we have done to earn a Yellow Flag for our school at a special assembly on 25th June which will feature music, a parade of flags and a presentation from the Diversity Committee
  • páirt a ghlacadh i dtráth na gceist agus i ngníomhaíochtaí treodóireachta spreagtha ag an téama “Timpeall an Domhain”
    participating in an “Around the World” themed table quiz and orienteering activities

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Clár ó Rang a Sé (Cathaoirleach), le Ciarán ó Rang a Cúig (Rúnaí), le hEvan agus le Sami ó Rang a Ceathair (Oifigigh Chaidrimh Phoiblí) agus le Gabriela agus le T.J. ó Rang a Trí (Cisteoirí) as ucht an éacht atá déanta acu mar bhaill den Choiste Ilchineálachta i mbliana.  Táimid go mór faoi chomaoin ag Clíodhna agus ag Lisa ó Choiste na dTuismitheoirí as ucht an gaisce atá déanta acu, agus ag Dónal Ó hAiniféin (Príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Cíosóig, Inis, Co. an Chláir) as ucht an chomhairle a roinn sé linn go fial.

Go raibh míle maith agaibh go léir!

We would like to pay special tribute to Clár from Rang a Sé (Chairperson), Ciarán from Rang a Cúig (Secretary), Evan and Sami from Rang a Ceathair (PROs) and Gabriela and T.J. from Rang a Trí (Treasurers) for the wonderful work they have done on our Diversity Committee this year.  We also greatly appreciate the outstanding contributions made by Clíodhna and Lisa from our Parents’ Association, and the advice Dónal Ó hAiniféin (Principal of Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Ennis, Co. Clare) generously shared with us.

Sincere thanks to you all!

 

Más mian leat teagmháil a dhéanamh lenár gCoiste Ilchineálachta, seol ríomhphost chuig gaelscoilga@eircom.net nó fág nóta inár bhfillteán le haghaidh moltaí atá crochta in aice le Clár Fógraí an Bhrait Bhuí sa scoil, le do thoil!
If you would like to contact our Diversity Committee, please e-mail us at gaelscoilga@eircom.net or leave a note in our suggestions’ folder hanging by the Yellow Flag Noticeboard in the school!

 

Go raibh míle maith agaibh!