Fáilte

01/09/14

A thuismitheoirí, a cháirde

 

Tá fáilte mhór rómhaibh ar fad ar ais go Gaelscoil an Ghoirt Álainn don scoil bhliain 2014 -2015. Tá siúl agam go raibh saoire deas agaibh go léir agus go bhfuil sibh ar fad ullamh don bhlian nua atá romhainn.

 

Tá Gaelscoil an Ghoirt Álainn ag fás ó 1993 agus tá oideachas ilchreidmheach, trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil do pháistí an Ghoirt Álainn / Montenotte ó shin i leith. Is scéal álainn dúinn sa scoil, duine d’ár iar-dhaltaí scoile a bheith ar ais linn sa scoil i mbliana agus í anois mar mhúinteoir ranga. Bhí Clár Ní Dhubhlaíoch mar dhalta díograiseach anseo sa scoil ó 1997 go dtí 2004. Tá Clár mar mhúinteoir ranga le rang 1 faoi láthair agus tá súil againn go mbeidh sí ann go dtí deireadh na bliana. Guímís gach rath agus sonas uirthi agus í ag tosnú amach lena saol múinteoireachta anseo linn.

 

Tá obair na bliana tosnaithe anois. Tá na páistí agus na múinteoirí socraithe isteach sna seomraí nua agus tá gach duine dírithe ar an bhfoghlaim.

 

Má tá slí ar bith gur féidir linn cabhrú libh ní gá daoibh ach ceist a chur. Déanfaimid ár ndícheall i gcónaí do pháistí na scoile seo. Ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh le hoifig na scoile má tá fonn ort gné ar bith a bhaineann le do pháiste a phlé.

 

Ó gach duine anseo sa scoil, tá súil againn go mbíonn bliain táirgiúil slán agaibh linn sa scoil!

 

Le mórmheas

 

 

_________________

Deaglán Ó Deargáin

 

 

 

 

01/09/14

 

A thuismitheoirí, a chairde

 

You’re all very welcome back to Gaelscoil an Ghoirt Álainn for the 2014-2015 school year. The school year is already in full flow. Teachers and children are settled back into their classrooms, learning has recommenced and there is a very positive atmosphere to be felt throughout the school. We hope you enjoyed the summer break and that you are all now prepared for the year ahead.

 

Gaelscoil an Ghoirt Álainn first opened its doors in September 1993 and has been giving the parents and children of the Mayfield /Montenotte area an opportunity to avail of a multi denominational primary school education, through the medium of Irish, since. This year, we are delighted to welcome our newest member of staff, Clár Ní Dhubhlaíoch, to our school. Clár was always a very capable and diligent child as a student in Gaelscoil an Ghoirt Álainn from 1997 to 2004 and her great love and aptitude for music and sport are sure to be an asset to our school. Múinteoir Clár is teaching Rang 1 and we fully expect her to be with us for the year. We wish Clár every success and enjoyment as she begins her teaching career here with us….back where it all started in 1997!

 

 

If there is any way that we can help you as a parent attend to the needs of your child or if there is ever an issue that you need to discuss with us, please don’t hesitate to contact us. We will do anything we can to help the children in our care.

 

From everybody here in Gaelscoil an Ghoirt Álainn, we hope you all have a very productive and successful year with us.

 

Le mór mheas

 

 

_________________

Deaglán Ó Deargáin

Subscribe to our School Notes now:

Archive