Seachtain Eolaíochta 2016 / Science Week 2016
Tá Seachtain Eolaíochta ar siúl timpeall na tíre an tseachtain seo ó 13/11/16-20/11/16 le an-chuid ar siúl do scoileanna agus do chlainnte mór thimpeall Corcaí le breis eolais ar www.scienceweek.ie. Tá taispeántas eolaíochta éagsúla ar siúl i UCC, Lifetime Lab, Halla Neptune, Firkin Crane, Cork City Gaol agus i Halla na Cathrach ar an Satharn agus ar an Domhnach seo agus don tseachtain seo chugainn do pháistí, do dhaoine fásta agus do chlainnte. Níl costas ar an gcuid is mó dos na gníomhachtaí seo ach caithfear na ticéad a chur in áireamh ar an idirlíon roimh ré agus níos mó eolais ar fáil ar http://www.corksciencefestival.ie/.
I nGaelsoil an Ghoirt Álainn táimid ag glacadh páirt i roinnt gníomhachtaí iontacha, éagsúla Eolaíochta. Ar an Luan 14/11 beidh taispeántas 3T ar siúl ag Robert Hill ó Réadlann Ard Mhacha chomh maith le ceardlanna spáslong ar siúl aige le páistí Rang 2 – Rang 4. Roimh an mbriseadh bhí ceardlanna bia ar siúl ag Rang 4&5 – Rang 6 bunaithe ar bhia agus ar an gcóras díleá le Eimear Fergusson ó UCC. Ar an Máirt 15/11 beidh na Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra agus Rang 1 ag glacadh páirt i gceardlanna Lego le Kathy ó Kids Brickx Club ag déanamh tionscnamh éagsúla as Lego. Ar an Aoine 18/11 beidh Lá Eolaíochta ag na Naíonáin Mhóra ag déanamh triallacha agus tástálacha éagsúla agus iad gléasta cosúil le Eolaithe! Ar an Aoine 25/11 tá Lismore Mobile Science Unit ag teacht chun na scoile agus beidh ceardlanna éagsúla ar siúl acu le gach rang: CSI ranga, Páistí Ceimiceacha, Córas Díleá, Eolaíocht Shóisir ina measc.
Iarraimid ar gach páiste ó Naí Bheaga – R6 €3 an duine a thabhairt isteach d’imeachtaí na seachtaine seo. Tá an scoil fíor bhuíoch do Choiste na dTuismitheora atá sásta airgead a thabhairt dúinn ar son na gníomhachtaí éagsúla ag laghdú an praghas atá á ghearradh againn ar na páistí.
Science Week is taking place across the country from Nov 13th until Nov 20th. Plenty of activities are happening around Cork and further information can be found on the website www.scienceweek.ie. Various events are taking place throughout the city both this and next weekend including different science workshops and presentations in UCC, Lifetime Lab, Cork City Gaol, Neptune Stadium, Firkin Crane, City Hall suitable for children, adults and families alike. The majority of events are free but tickets must be booked in advance online. Further information on these bookings is available on www.corksciencefestival.ie.
The children in Gaelscoil an Ghoirt Álainn are partaking in various exciting, different, fun, scientific activities throughout Science Week.
On Monday 14/11, we are honoured to have Robert Hill from the Armagh Observatory visit our school and give a 3D presentation to the children. He will also be providing rocket building workshops for the children from Rang 2- Rang 4. Just before we broke up for the midterm, the children from R4&5 – R6 attended a workshop on Food for Thought with Eimear Fergusson from UCC. On Tuesday 15/11, the children from Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra & Rang 1 will be partaking in Lego workshops with Kathy a member of the Kids’ Brickx Club. On Friday 18/11, Naíonain Mhóra will be dressing like scientists for their day of experiments and scientific fun. On Friday 25/11, the Lismore Mobile Science Unit is visiting the school. Each class will receive an hour long workshop with their personnel ranging from CSI Classroom, Chemistry Kids, Guts of Digestion and Junior Science.
We ask that every child from Naíonáin Bheaga to R6 brings in €3 each to the class teacher which covers all the exciting events of Our Science Week. This is a heavily subsidised rate and we are very grateful to the Parents’ Association who have subsidised the events for our Science Week. Le gach dea-mhéin,